SCÉAL 17
Cúpla a Bhí Difriúil
TÁ NA buachaillí seo an-difriúil, nach bhfuil? An bhfil fhios agat cén t-ainm atá orthu? Éʹsáu is ainm don té atá ag fiach agus Iacob atá ag tabhairt aire do na caoire.
Ba cúpla le Isac agus Re·bec’a iad Éʹsáu agus Iacob. Bhí an-chion ag a n-athair, Isac, ar Éʹsáu, mar bhí sé go maith ag fiach agus thugadh sé bia abhaile don chlann. Ach b’fhearr le Re·becʹa Iacob mar gur buachaill ciúin síochánta a bhí ann.
Is féidir linn samhlú an taithneamh a d’fhaigheadh Iacob as a bheith ag éisteacht lena sheanathair, Abraham, ag cuir síos ar Iehobhah. Mhair Abraham 175 bliain, go dtí go raibh an cúpla 15.
Nuair a bhí Éʹsáu 40 blain d’aois phós sé beirt bhan as Caʹnaan. Chuir sé seo buairt ar Isac agus Re·becʹa mar ní thugadh na mná seo adhradh do Iehobhah.
Ansin lá amháin thárla rud éicint a chuir an-fhearg ar Éʹsáu. Tháinig an t-am nuair a bhí Isac chun beannacht a thabhairt don mhac ba shine. Ós rud é go raibh É’sáu níos sine ná Iacob, bhí Éʹsáu ag súil go bhfaighfeadh sé féin an bheannacht. Ach roimhe seo dhíol Éʹsáu an ceart a bhí aige an bheannacht seo a fháil le Iacob. Freisin, nuair a rugadh na buachaillí gheall Dia gurb é Iacob a gheobhadh an bheannacht. Sin mar a thárla. Thug Isac an bheannacht dá mhac Iacob.’
Nuair a chuala Éʹsáu é seo chuir sé an-fhearg air. Bhí sé chomh feargach sin gur dhúirt sé go maródh sé Iacob. Nuair a chuala Re·becʹa é seo, bhí an-imní uirthí. Mar sin dúirt sí lena fear Isac: ‘Bheadh sé uafásach dá bpósfadh Iacob duine de mhná Chaʹnaan.
Ansin ghlaoigh Isac Iacob chige agus dúirt sé leis: ‘Ná pós bean as Caʹnaan. Téigh chuig teach do sheanathair Be·túʹel i Haʹran. Pós duine d’iníonacha a mhic Lá’bán.
D’éist Iacob lena athair, agus thosaigh sé ar an turas fada go dtí an áit ar chónaigh a ghaolta i Haʹran.