Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 12 lth. 34
  • Fuair Iacób an Oidhreacht

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Fuair Iacób an Oidhreacht
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Cúpla a Bhí Difriúil
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Déanann Iacób agus Éasau Síocháin Lena Chéile
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 12 lth. 34
Tugann Éasau uaidh a oidhreacht ar bhabhla strúisín

CEACHT 12

Fuair Iacób an Oidhreacht

Íosác agus Ribeacá lena gcúpla, Iacób agus Éasau

Bhí Íosác 40 bliain d’aois nuair a phós sé Ribeacá. Bhí sé an-mhór léi. In am tráth, rugadh cúpla dóibh—beirt mhac.

Ba é Éasau an duine ba shine, agus ba é Iacób an duine ab óige. B’fhearr le hÉasau a bheith amuigh faoin aer, agus bhí sé go maith ag fiach. Ach b’fhearr le hIacób a bheith sa mbaile.

San am sin, ba é an mac ba shine a gheobhadh an chuid is mó den talamh agus den airgead nuair a gheobhadh a athair bás. Oidhreacht a thugtar ar seo. Bhí na gealltanais a thug Iehova d’Abrahám mar chuid den oidhreacht a fuair Íosác. Ní raibh mórán measa ag Éasau, an mac ba shine a bhí ag Íosác, ar na gealltanais sin, ach thuig Iacób go raibh siad an-tábhachtach.

Iacób agus Éasau

Lá amháin tháinig Éasau abhaile tuirseach traochta, tar éis lá fada ag fiach. Fuair sé boladh an bhia a bhí Iacób a réiteach, agus dúirt sé: ‘Tá mé stiúgtha leis an ocras! Tabhair dom cuid den strúisín rua sin!’ Dúirt Iacób: ‘Tabharfaidh, ach geall dom ar dtús gur féidir liom d’oidhreacht a bheith agam.’ Dúirt Éasau: ‘Is cuma liom faoi m’oidhreacht! Féadfaidh sí a bheith agat. Níl uaim ach mo bhéile.’ Meas tú an ndearna Éasau an rud ceart? Ní dhearna. Thug Éasau uaidh rud a bhí an-luachmhar, ar bhabhla strúisín.

Nuair a bhí Íosác an-sean, tháinig an t-am lena bheannacht a thabhairt don mhac ba shine. Ach chabhraigh Ribeacá leis an mac ab óige, Iacób, an bheannacht sin a fháil. Nuair a fuair Éasau amach faoi, bhí sé ar buile agus bhí sé de rún aige a leathchúpla a mharú. Bhí Íosác agus Ribeacá ag iarraidh Iacób a choinneáil slán agus dúirt siad leis: ‘Téigh agus fan le deartháir do mháthar, Lábán, nó go n-imeoidh an t-olc d’Éasau.’ D’éist Iacób lena thuismitheoirí agus as go brách leis.

“Óir cá fearrde duine an domhan go léir a ghnóthú agus a anam féin a ligean ar ceal? Óir cad a d’fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?”—Marcas 8:36, 37

Ceisteanna: Cén sórt duine a bhí in Éasau? Cén sórt duine a bhí in Iacób? Cén fáth a bhfuair Iacób an bheannacht in áit Éasau?

Geineasas 25:20-34; 27:1–28:5; Eabhraigh 12:16, 17

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn