Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 11 lth. 32-lth. 33 alt 2
  • Teist ar Chreideamh Abrahám

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Teist ar Chreideamh Abrahám
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Triáleann Dia Abraham
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Bhí Abrahám agus Sárá Umhal do Dhia
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 11 lth. 32-lth. 33 alt 2
Siúlann Abrahám agus Íosác go dtí Moiriá

CEACHT 11

Teist ar Chreideamh Abrahám

Mhúin Abrahám d’Íosác le grá a bheith aige d’Iehova agus muinín a bheith aige as a chuid gealltanais go léir. Ach nuair a bhí Íosác thart ar 25 bliain d’aois, d’iarr Iehova ar Abrahám rud a dhéanamh a bhí an-deacair. Céard a d’iarr sé?

Dúirt Dia le hAbrahám: ‘Tabhair leat, más é do thoil é, d’aon mhac Íosác agus ofráil mar íobairt é ar shliabh i dtír Mhoiriá.’ Ní raibh a fhios ag Abrahám cén fáth ar iarr Iehova air é seo a dhéanamh. Ach fós féin, rinne sé mar a d’iarr sé.

Go moch an mhaidin dár gcionn, thug Abrahám leis Íosác agus beirt dá shearbhóntaí, agus chuaigh siad i dtreo Mhoiriá. Tar éis trí lá, chonaic siad na sléibhte i bhfad uatha. Dúirt Abrahám lena shearbhóntaí fanacht san áit a raibh siad, fad is a bheadh sé féin agus Íosác ag ofráil na híobartha. Thug Abrahám ábhar tine d’Íosác le hiompar agus thug sé féin scian leis. Chuir Íosác ceist ar a athair: ‘Cá bhfuil an t-ainmhí atá muid chun a ofráil mar íobairt?’ D’fhreagair Abrahám: ‘Cuirfidh Iehova ar fáil é, a mhic.’

Nuair a shroich siad an sliabh thóg siad altóir. Ansin cheangail Abrahám cosa agus lámha Íosác agus chuir ar an altóir é.

Íosác ceangailte ar an altóir, agus scian ina lámh ag Abrahám

Rug Abrahám ar an scian. Ag an nóiméad sin, d’fhógair aingeal Iehova air ó neamh agus dúirt: ‘A Abrahám! Ná déan aon dochar don bhuachaill! Anois tá a fhios agam go bhfuil creideamh agat i nDia mar bhí tú sásta do mhac a ofráil mar íobairt.’ Ansin chonaic Abrahám reithe a raibh a chuid adharca i bhfostú i sceacha. Scaoil sé saor Íosác ar an bpointe, agus d’ofráil sé an reithe mar íobairt ina áit.

Ón lá sin amach, thug Iehova ‘mo chara’ ar Abrahám. An bhfuil a fhios agat cén fáth? Rinne Abrahám cibé rud a d’iarr Iehova air, fiú amháin nuair nár thuig sé an chúis a bhí leis.

Scaoileann Abrahám saor Íosác

Thug Iehova a ghealltanas d’Abrahám arís: ‘Beannóidh mé thú, agus rachaidh do shliocht i líonmhaire.’ Bhí Iehova chun na daoine maithe go léir a bheannú trí shliocht Abrahám.

“Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige.”—Eoin 3:16

Ceisteanna: Cén chaoi ar chruthaigh Abrahám go raibh muinín aige as Iehova? Céard a gheall Iehova d’Abrahám?

Geineasas 22:1-18; Eabhraigh 11:17-19; Séamas 2:21-23

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn