Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 8 lth. 26-lth. 27 alt 1
  • Bhí Abrahám agus Sárá Umhal do Dhia

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Bhí Abrahám agus Sárá Umhal do Dhia
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Abraham—Cara le Dia
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Triáleann Dia Abraham
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Teist ar Chreideamh Abrahám
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Déanann Dia Conradh le hAbrahám
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
Tuilleadh
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 8 lth. 26-lth. 27 alt 1
Abrahám agus Sárá ag fáil réidh le himeacht as Úr

CEACHT 8

Bhí Abrahám agus Sárá Umhal do Dhia

Bhí cathair darbh ainm Úr in aice le Báibil, ina mbíodh daoine ag adhradh déithe seachas Iehova. Ach bhí fear in Úr nach dtugadh adhradh ach d’Iehova amháin. Abrahám an t-ainm a bhí air.

Dúirt Iehova le hAbrahám: ‘Fág do bhaile agus do ghaolta, agus téigh go dtí an tír a thaispeánfaidh mé duit.’ Ansin gheall Dia: ‘Déanfaidh mé cine mór díot, agus déanfaidh mé go leor rudaí maithe do dhaoine ar fud an domhain go léir, mar gheall ortsa.’

Ní raibh a fhios ag Abrahám cá raibh a thriall, ach bhí muinín aige as Iehova. Bhí a bhean Sárá, a athair Tearach, agus a nia Lót ag dul in éineacht leis. Mar sin, bhailigh siad ar fad a gcuid rudaí le chéile agus thosaigh siad ar an turas fada.

Bhí Abrahám 75 bliain d’aois nuair a shroich sé féin agus a chlann an tír a bhí geallta ag Iehova dó. Canán an t-ainm a bhí ar an tír sin. Labhair Dia le hAbrahám ansin agus gheall sé dó: ‘An talamh ar fad a fheiceann tú mórthimpeall ort, tá mé chun é a thabhairt do do chlann.’ Ach bhí Abrahám agus Sárá an-sean agus ní raibh aon chlann orthu. Mar sin cén chaoi a bhféadfadh Iehova an gealltanas sin a chomhlíonadh?

Abrahám agus a chlann ar a mbealach go dtí tír Chanán

“Trí chreideamh . . . thug [Abrahám] a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; d’imigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall.”—Eabhraigh 11:8

Ceisteanna: Céard a d’iarr Iehova ar Abrahám a dhéanamh? Cén gealltanas a thug Iehova d’Abrahám?

Geineasas 11:29–12:9; Gníomhartha 7:2-4; Galataigh 3:6; Eabhraigh 11:8

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn