SCÉAL 13
Abraham—Cara le Dia
UR AN t-ainm a bhí ar cheann de na háiteanna a ndeachaigh daoine chun cónaithe ann tar éis an Díle. Thugadh na daoine ansin adhradh do dhéithe bréige mar a dhéanadh na daoine i mBaibéal. Ní raibh na daoine seo cosúil le Naoi agus a mhac Shem, a lean orthu ag freastal ar Iehobhah.
Bhí sé 350 bliain tar éis an díle nuair a fuair Naoi bás. Dhá bhliain níos deireanaí a rugadh an fear a fheiceann tú sa bpictiúr seo. Duine speisialta le Dia a bhí ann. Abraham ab ainm dó. Chónaigh sé in éineacht lena chlann ins an gcathair sin Ur.
Lá amháin dúirt Iehobhah le Abraham: ‘Fág Ur agus do ghaolta agus téigh chuig tír a thaispeáinfidh mise duit’ An ndearna Abraham toil Dé agus sócúlacht Ur a fhágáil ina dhiaidh? Sea, rinne. Agus is mar gheall go raibh Abraham umhal do Dhia i gcónaí a tugadh cara le Dia air.
D’fhág a bhean Sarah, a athair Te’rah agus a nia Lot in éineacht le Abraham nuair a d’fhág sé Ur. In am tráth, shroich siad áit ar a dtugtar Ha’ran, áit a bhfuair Te’rah bás.
Tar éis tamall d’fhag Abraham agus a theaghlach Ha’ran agus tháinig siad go dtí áit ar a dtugtar Caʹnaan. San áit sin dúirt Iehobhah: ‘Seo í an tír a thabharfaidh mé do do shliocht.’ D’fhan Abraham i gCaʹnaan agus chónaigh sé i bpubaill.
Chabhraigh Dia le Abraham sa gcaoi is go raibh tréada móra caorach agus ainmhithe eile aige chomh maith leis na céadta searbhónta. Ach ní raibh páistí ar bith dá gcuid féin ag Abraham agus Sarah.
Nuair a bhí Abraham 99 bliain d’aois dúirt Iehobhah leis: ‘Geallaim duit go mbéidh tú mar athair ag go leor náisiúin.’ Ach cén chaoi a bhféadfadh sé seo tárlú ós rud é go raibh Abraham agus Sarah ró-shean anois cun páistí a bheith acu?