Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • bm cuid 4 lth. 7
  • Déanann Dia Conradh le hAbrahám

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Déanann Dia Conradh le hAbrahám
  • An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Bhí Abrahám agus Sárá Umhal do Dhia
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Triáleann Dia Abraham
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Teist ar Chreideamh Abrahám
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Cuimhnígí ar Bhean Lót
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Tuilleadh
An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
bm cuid 4 lth. 7
Féachann Abrahám ar na réaltaí

CUID 4

Déanann Dia Conradh le hAbrahám

Léiríonn Abrahám umhlaíocht agus muinín i nDia. Geallann Iehova go dtabharfaidh sé a bheannacht dó agus go méadóidh sé a shliocht

BHÍ sé breis agus 350 bliain ó tharla an Díle in aimsir Naoi. Bhí an patrarc Abrahám ina chónaí sa chathair rathúil Úr san áit ar a dtugtar an Iaráic inniu. Bhí creideamh suntasach ag Abrahám, ach anois bhí a chreideamh faoi thriail.

Dúirt Iehova le hAbrahám a thír dhúchais a fhágáil agus bogadh chuig tír iasachta Canán. Rinne Abrahám a chomhairle láithreach. Thug sé leis a theaghlach ar fad, a bhean chéile, Sárá, a nia Lót agus tar éis turas fada shocraigh siad i bpubaill i gCanán. Rinne Iehova conradh le hAbrahám inar gheall Sé go ndéanfadh Sé náisiún mór as, go mbeadh beannacht ag clanna uile an domhain dhá bharr, agus go mbeadh seilbh ag a shliocht ar thír Chanán.

Bhí rath ar Abrahám agus Lót, bhailigh siad tréada móra caorach agus eallach. Go neamhleithleach, lig Abrahám do Lót an dúiche a d’fheil dó féin a roghnú. Roghnaigh Lót ceantar torthúil Abhainn na hIordáine agus shocraigh sé síos gar do chathair Shodom. Ach ba dhream mímhorálta iad fir Shodom—rinne siad peacaí tromchúiseacha in aghaidh Iehova.

Níos déanaí d’athdheimhnigh Iehova le hAbrahám go mbeadh a shliocht chomh líonmhar le réalta na spéire. Chuir Abrahám muinín sa ghealltanas sin. Mar sin féin, ní raibh aon leanbh ag a bhean chéile, Sárá. Ansin, nuair a bhí Abrahám 99 bliain d’aois, agus Sárá beagnach 90, dúirt Dia le hAbrahám go mbeadh mac acu. Comhlíonadh focal Dé agus rugadh Íosác do Shárá. Bhí tuilleadh clainne ar Abrahám, ach ba trí Íosác a thiocfadh an Slánaitheoir a gealladh in Éidin.

Idir an dá linn, bhí Lót agus a chlann ina gcónaí i Sodom, ach níorbh ionann Lót, a bhí ina fhear fíréanta, agus fir mímhorálta na cathrach sin. Nuair a chinn Iehova breithiúnas in aghaidh Shodom a thabhairt chun críche, chuir sé aingil chuig Lót roimh ré ag tabhairt fógra dó faoin léirscrios a bhí ag bagairt. Spreag na haingil Lót agus a chlann le teitheadh as Sodom agus gan féachaint ar gcúl. Chaith Dia tine agus ruibh anuas mar a bheadh báisteach ann ar Shodom agus ar an gcathair mhímhoralta eile a bhí in aice láimhe, Gomorá, agus scrios sé a n-áitritheoirí ar fad. D’éalaigh Lót agus a bheirt iníon. Ach d’fhéach bean Lót ar gcúl, b’fhéidir ag santú na rudaí a bhí fágtha ina diaidh aici. Is daor a d’íoc sí as an easumhlaíocht seo, fuair sí bás.

—Bunaithe ar Geineasas 11:10–19:38.

  • Cén fáth ar bhog Abrahám go Canán?

  • Cén conradh a rinne Iehova le hAbrahám?

  • Cén fáth ar scrios Iehova Sodom agus Gomorá?

DIA NA gCONARTHAÍ

I ré an Bhíobla, is margadh nó comhaontú foirmiúil a bhí i gconradh. Le sraith conarthaí, arbh ghealltanais shollúnta iad, thug Iehova léargas de réir a chéile ar an gcaoi a gcuirfí i gcrích an aidhm a bhí aige don Fhuascailteoir a gealladh in Éidin. Thaispeáin an conradh a rinneadh le hAbrahám go dtiocfadh an Fuascailteoir trí shliocht Abrahám. Thabharfadh conarthaí eile breis léargais maidir le cérbh é an Té seo.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn