Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 10 lth. 30
  • Cuimhnígí ar Bhean Lót

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cuimhnígí ar Bhean Lót
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • D’Fhéach Bean Lot Siar
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Déanann Dia Conradh le hAbrahám
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 10 lth. 30
Déantar piléar salainn de bhean Lót, agus tagann Lót agus a chuid iníonacha slán ó Shodom

CEACHT 10

Cuimhnígí ar Bhean Lót

Bhí Lót ina chónaí lena uncail Abrahám, i dtír Chanán. De réir a chéile, mhéadaigh líon na n-ainmhithe a bhí ag Abrahám agus Lót agus ní raibh a ndóthain talún acu lena n-aghaidh. Dúirt Abrahám le Lót: ‘Ní féidir linn cónaí in aon áit amháin le chéile níos mó. Roghnaigh tusa an treo atá tú ag iarraidh a dhul, agus tiocfaidh mise an treo eile.’ Nár dheas ag Abrahám an rogha a thabhairt do Lót?

Chonaic Lót píosa breá talún in aice le cathair Shodom. Bhí neart uisce agus féar glas ann. Dá bhrí sin roghnaigh sé an áit sin, agus d’aistrigh sé a theaghlach ann.

Ba dhrochdhaoine a bhí ina gcónaí i Sodom agus sa gcathair a bhí in aice láimhe, Gomorá. Bhí siad chomh dona sin gur bheartaigh Iehova an dá chathair a scriosadh. Ach bhí Dia ag iarraidh Lót agus a chlann a shábháil. Chuir sé dhá aingeal chucu le fógairt orthu: ‘Déanaigí deifir! Téigí amach as an gcathair seo! Tá Iehova chun é a scriosadh.’

Níor fhág Lót ar an bpointe. Bhí sé ag déanamh moille. Ansin rug na haingil i ngreim láimhe ar Lót, a bhean agus a bheirt iníonacha agus thug siad amach as an gcathair faoi dheifir iad, ag rá: ‘Rithigí le bhur n-anam! Sábhálaigí sibh féin, agus ná breathnaígí in bhur ndiaidh. Mar má bhreathnaíonn gheobhaidh sibh bás!’

Tine agus ruibh ag titim ar Shodom agus ar Ghomorá

Nuair a shroich siad cathair Zoar, chaith Iehova ruibh agus tine anuas ar Shodom agus ar Ghomorá. Scriosadh an dá chathair. Bhreathnaigh bean Lót ina diaidh agus déanadh piléar salainn di. Ach tháinig Lót agus a bheirt iníonacha slán mar bhí siad umhal d’Iehova. Is cinnte go raibh siad an-bhrónach faoi go raibh bean Lót easumhal. Ach ag an am céanna, bhí siad buíoch gur lean siadsan treoracha Iehova.

“Cuimhnígí ar mhnaoi Lót!”—Lúcás 17:32

Ceisteanna: Cén fáth ar scrios Iehova Sodom agus Gomorá? Cén fáth a ndéarnadh piléar salainn de bhean Lót?

Geineasas 13:1-13; 19:1-26; Lúcás 17:28, 29, 32; 2 Peadar 2:6-9

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn