Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 15
  • D’Fhéach Bean Lot Siar

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • D’Fhéach Bean Lot Siar
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Cuimhnígí ar Bhean Lót
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Déanann Dia Conradh le hAbrahám
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 15

SCÉAL 15

D’Fhéach Bean Lot Siar

CHÓNAIGH Lot agus a chlann in éineacht le Abraham i dtír Chaʹnaan. Lá amháin dúirt Abraham le Lot: ‘Nil dóthain talamh anseo dár n-ainmhithe ar fad. Más é do thoil é, scaraimís óna chéile. Má théann tusa bealach amháin rachaidh mise an bealach eile.’

Chonaic Lot páirt dheas den tír a raibh uisce ann agus neart féir dá chuid ainmhithe. Ba é seo ceantar na hIordáine. D’aistrigh Lot, a chlann agus a chuid ainmhithe go dtí an áit seo. Rinne siad a mbaile i gcathair darbh ainm Sodʹom.

Ba drochdhaoine a bhí ina gcónaí i Sodʹom. Chuir sé seo buairt ar Lot mar ba fear maith a bhí ann. Chuir sé buairt ar Dhia freisin. Chuir Dia dhá aingeal chuig Lot chun fógra a thabhairt dó go raibh sé chun Sod’om agus cathair eile in aice léí, Go·mor’a a scrios mar gheall ar an olc a bhí iontu.

Bhí Lot agus a chlann beagán mall ag imeacht agus bhí ar na haingle greim láimhe a fháil orthu agus iad a threorú amach as an gcathair. Ansin dúirt duine de na haingle: ‘Rith le bhur n-anam! Ná féach siar. Rith go dtí na sléibhte sa gcaoi is nach marófar sibh.’

Theith Lot agus a bheirt iníon as Sodʹom. Níor stop siad nóiméad, agus níor fhéach siad siar. Ach bhí bean Lot easumhal. Nuair a bhí siad roinnt achair as Sodʹom, stop sí agus d’fhéach sí siar. Ansin déanadh piléar salainn dí. An bhfeiceann tú í sa bpictiúr?

Tá ceacht le foghlaim uaidh seo. Taispeáineann sé go sábháileann Dia éinne a dhéanann a chomhairle, ach go gcailleann éinne nach ndéanann a mbeatha.

Geineasas 13:5-13; 18:20-33; 19:1-29; Lúcás 17:28-32; 2 Peadar 2:6-8

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn