SCÉAL 14
Triáleann Dia Abraham
AN BHFEICEANN tú an rud atá ar siúl ag Abraham anseo? Tá scian aige agus de réir cosúlachta tá sé chun a mhac a mharú. Cén fáth go ndéanfadh sé é sin? Ar dtús feicimís an chaoi a bhfuair Abraham agus Sarah mac dá gcuid féin.
Cuimhnigh, gheall Dia mac dóibh. Ach ba chosúil go raibh sé sin dodhéanta ós rud é go raibh Abraham agus Sarah chomh sean sin. Mar sin féin, chreid Abraham go raibh Dia in ann an rud a d’fhéach dodhéanta a dhéanamh. Céard a thárla?
D’imigh bliain thart tar éis do Dhia a gheallúint a thabhairt. Ansin nuair a bhí Abraham céad bliain agus Sarah naocha bliain d’aois bhí páiste acu darbh ainm Isac. Bhí a gheallúint comhlíonta ag Dia!
Ach nuair a bhí Isac níos sine chuir Iehobhah creideamh Abraham faoi thriáil. Dúirt Dia leis: ‘Tog do mhac Isac, agus téigh go dtí sliabh a thaispeáinfead duit. Maraigh do mhac ann agus ofráil suas mar íobairt é.’ Ach cuimhnigh, gheall Dia d’Abraham go gcónódh a shliocht i dtír Cha’naan. Cén chaoi a dtárlódh sé seo dá mbeadh Isac marbh? Níor thuig Abraham, ach fós rinne sé tiol Dé.
Nuair a tháinig sé go dtí an sliabh, cheangail Abraham Isac agus chuir sé ar an altóir a bhí tógtha aige é. Ansin thóg sé an acian chun a mhac a mharú. Ach ar an nóiméad sin ghlaoigh aingeal Dé: ‘Abraham, Abraham!’ Agus d’fhreagair Abraham: ‘Tá mé anseo!’
’Ná gortaigh an buachaill, ná déan tada air,’ arsa Dia. ‘Anois tá fhios agam go bhfuil muinín agat asam mar níor choinnigh tú do mhac, d’aon mhac uaim.’
Nárbh íontach an muinín a bhí ag Abraham i nDia! Chreid sé nach raibh aon ní dodhéanta ag Dia, agus go raibh Iehobhah in ann fiú amháin, Isac a thógáil ón mbás. Ach níorbh é toil Dé i ndáiríre é go maródh Abraham Isac. Mar sin chuir Dia ar chaora dul i bhfostú i dtor in aice leis, agus dúirt sé le Abraham é a ofráil mar íobairt in áit a mhic.