SCÉAL 19
Bíonn Clann Mhór ag Iacob
FÉACH ar an gclann mhór seo. Seo iad dháréag mac Iacob. Agus bhí iníonacha aige freisin. An bhfuil fhios agat ainm éinne acu? Foghlaimíodh muid cuid acu.
Rug Léá Reúʹben, Simʹeón, Léʹví, agus Iúdá. Nuair a chonaic Rachel nach raibh aon pháistí aici féin bhí an-bhrón uirthí. Mar sin thug sí a searbhónta Bilʹhá do Iacob, agus bhí beirt mhac ag Bilʹhá darbh ainm Dan agus Nafʹtá·lí. Ansin thug Léá a searbhónta féin, Zilʹpá, do Iacob, agus rug Zilʹpá Gad agus Asʹér. Faoi dheireadh bhí beirt mhac eile ag Léá, Isʹa·cár agus Zebʹú·lun.
Sa deireadh bhí páiste ag Rachel. Thug sí Seosamh mar ainm air. Foghlaimeoimid go leor i dtaobh Sheosaimh níos deireanaí mar rinneadh fear an-tabhachtach de. Seo iad an t-aon mhac déag a rugadh do Iacob nuair a chónaigh sé le Láʹbán, athair Rachel.
Bhí iníonacha ag Iacob freisin, ach ní thugann an Bíobla ach ainm duine amháin acu. Díʹná an t-ainm a bhí uirthí.
In am tráth bheartaigh Iacob Láʹbán a fhágáil agus dul ar ais go Ca’naan. Mar sin bhailigh sé a chlann mhór agus a chuid tréada agus thosaigh siad ar an turas fada.
Nuair a bhí Iacob agus a chlann ar ais i gCaʹnaan ar feadh tamall rug Rachel mac eile. Thárla sé nuair a bhí siad ar thuras. Ní raibh sé éasca ar Rachel agus fuair sí bás ag breith clainne. Ach saolaíodh a mac agus thug Iacob Beniámín mar ainm air.
Ní mór dúinn cuimhneamh ar ainmeacha dháréag mac Iacob mar is uathu a tháinig náisiún iomlán Iosrael. Go deimhin, ainmnítear dhá threabh déag Iosrael i ndiaidh deichniúr mac le Iacob agus beirt mhac le Seosamh. Mhair Isac chun na mic seo a fheiceáil agus is dóigh gur chuir sé an-áthas air go raibh an oiread sin garmhic aige. Ach céard a thárla dá ghariníon Díʹná?