Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 20
  • Díná i Dtrioblóid

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Díná i Dtrioblóid
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Bíonn Clann Mhór ag Iacob
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Seachnaígí Mímhoráltacht Gnéis!
    Cumhdaígí Sibh Féin i nGrá Dé
  • Cúpla a Bhí Difriúil
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 20

SCÉAL 20

Díná i Dtrioblóid

AN BHFEICEANN tú cé air a bhfuil Díʹná ag tabhairt cuairt? Tá sí chun bualadh le cuid de na cailíní a chónaíonn i gCaʹnaan. An mbeadh a hathair Iacob sásta leis seo? Chun cabhrú linn an cheist seo a fhreagairt, cuimhnigh ar chéard a cheap Abraham agus Isac de mhná Chaʹnaan.

Ar theastaigh uaidh Abraham go bpósadh a mhac Isac bean as Caʹnaan? Níor theastaigh. An raibh Isac agus Re·bec’a ag iarraidh go bpósadh a mac Iacob cailín as Caʹnaan? Ní raibh. Cén fáth?

Thugadh na daoine seo as Caʹnaan adhradh do dhéithe bréige. Ní dhéanfaidís fir agus mná chéile maithe agus níor mhaith na daoine iad le bheith mar cháirde cléibh agat. Mar sin bí cinnte nach raibh Iacob sásta go raibh a iníon ag déanamh cáirdeas leis na cailíní seo as Caʹnaan.

Ní híonadh go bhfuair Díʹná i dtrioblóid í féin. An bhfeiceann tú an fear as Caʹnaan atá ag féachaint ar Díʹná? Seʹcem is ainm dó. Lá amháin nuair a tháinig Díʹná ar cuairt, chuir Seʹcem iallach uirthí luí síos in éineacht leis. Ní raibh sé seo ceart, mar is ag fir agus mná pósta amháin atá cead luí síos lena chéile. Tharraing an drochrud seo a rinne Se’cem le Díʹná tuilleadh trioblóide.

Nuair a chuala deartháireacha Díʹná an rud a thárla, bhí an-fhearg orthu. Bhí an oiread sin feirge ar bheirt acu, Sim’eón agus Léʹví, gur thug siad claimhte leo agus chuaigh siad isteach sa gcathair agus rug siad ar na fir. Mharaigh siad féin agus a ndeartháireacha Seʹcem agus na fir eile ar fad. Bhí fearg ar Iacob mar go ndearna a chuid mic an drochrud seo.

Cáirdeas Díʹná le daoine nach raibh dílis do dhlíthe Dé a thosaigh an trioblóid seo. Ní bhéidh muide ag iarraidh cáirde mar sin, an mbéidh?

Geineasas 34:1-31.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn