Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 29
  • An Chúis gur Theith Maois

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Chúis gur Theith Maois
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Tor tré Thine
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Sceach Trí Thine
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Roghnaigh Maois Iehova a Adhradh
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 29

SCÉAL 29

An Chúis gur Theith Maois

FÉACH ar Mhaois ag teitheadh ón Éigipt. An bhfeiceann tú na fir atá sa tóir air? An bhfuil fhios agat cén fáth go bhfuil siad ag iarraidh Maois a mharú?

D’fhás Maois suas i dteach Faró, rí na hÉigipte. Ba fear críonna agus mór le rá é. Bhí fhios ag Maois nárbh Éigipteach é, ach go mba sclábhaithe Iosraelíteach a thuismitheoirí.

Lá amháin, nuair a bhí sé 40 bliain d’aois, shocraigh Maois dul ag breathnú ar a mhuintir. Bhí drochbhail dá chuir orthu. Chonaic sé Éigipteach ag bualadh sclábhaí Iosraelíteach. Nuair nach bhfaca sé éinne ag féachaint bhuail Maois an tÉigipteach agus fuair sé bás. Chuir Maois a chorp i bhfolach sa ngaineamh.

Lá arna mhárach chuaigh Maois chun a mhuintir a fheiceáil arís. Cheap sé go bhféadfadh sé cabhrú leo. Ach chonaic sé beirt Iosraelíteach ag troid. Dúirt Maois leis an té a bhí san éasgóir: ‘Cén fáth go bhfuil tú ag bualadh do dheartháir?’

Dúirt an fear: ‘Cé rinne rialtóir agus breitheamh díostsa? An bhfuil tú chun mise a mharú mar a mharaigh tú an tÉigipteach?’

Tháinig eagla ar Mhaois anois. Bhí fhios ag na daoine céard a rinne sé leis an Éigipteach. Chuala Faró faoi, agus chuir sé fir sa tóir ar Mhaois chun é a mharú. Sin é an fáth go mb’éigin do Mhaois teitheadh ón Éigipt.

Nuair a d’fhág Maois an Éigipt, chuaigh sé i bhfad ó bhaile go tír Mhidían. Ansiúd a casadh Iet’ro air, agus a phós sé a iníon, Zipóra. Bhí Maois ina aoire anois ag tabhairt aire do chaoire Iet’ro. Chónaigh sé i dtír Mhidían ar feadh 40 bliain. Bhí sé 80 bliain d’aois anois. Ansin lá amháin nuair a bhí Maois ag tabhairt aire do chaoire Iet’ró thárla rud íontach a d’athraigh saol Mhaois ar fad. Iompaigh an bhilleoig agus féachaimís céard é an rud íontach seo.

Eaxodus 2:11-25; Gníomhartha 7:22-29.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn