Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 30
  • Tor tré Thine

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Tor tré Thine
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Sceach Trí Thine
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • An Chúis gur Theith Maois
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 30

SCÉAL 30

Tor tré Thine

THÁINIG Maois an bealach ar fad go dtí an cnoc Hóreb chun féar a fháil dá chuid caoire. Anseo chonaic sé tor tré thine, ach ní raibh sé ag dó suas!

Dhruid Maois níos gaire. Nuair a rinne sé sin tháinig glór as an tor ag rá: ‘Ná tar níos gaire. Bain díot do bhróga, mar tá tú ag seasamh ar thalamh naofa.’ Ba é Dia a bhí ann ag labhairt tré aingeal. Mar sin chlúdaigh Maois a éadan.

Dúirt Dia ansin: ‘Chonaic mé fulaingt mo phobail san Éigipt. Mar sin tá mé chun iad a scaoileadh saor agus is tusa a úsáidfidh mé chun iad a threorú amach as an Éigipt.’ Bhí Iehobhah chun a phobal a thabhairt go dtí tír álainn Cha’naan.

Ach dúirt Maois: ‘Cé hé mise? Cén chaoi gur féidir liomsa é seo a dhéanamh? Fiafróidh na hIostaelítigh: “Cé chuir chugainn thú?” Ansin céard a déarfaidh mé?”

‘Seo é a déarfaidh tú,’ d’fhreagair Dia. ‘ “IEHOBHAH, Dia Abraham, Dia Isac agus Dia Iacob a chuir chugaibh mé” ‘ Ansin dúirt Iehobhah: ‘Seo é m’ainm ar feadh na síoraíochta.’

‘Ach abair nach gcreideann siad mé nuair a deireann mé leo é, d’fhreagair Maois.

‘Céard atá i do láimh?’ D’fhiafraigh Dia.

D’fhreagair Maois: ‘Slat.’

‘Caith ar an talamh é,’ arsa Dia. Nuair a rinne Maois é seo déanadh nathrach den tslat. Ansin dúirt Iehobhah: ‘Cuir do láimh taobh istigh de do róba.’ Rinne Maois é seo. Nuair a thóg sé amach a láimh bhí sí geal leis an ngalar labhra. Ansin thug Iehobhah cumhacht do Mhaois an tríú míorúilt a dhéanamh. Faoi dheireadh dúirt sé: ‘Nuair a dhéanfaidh tú na míorúiltí seo creidfidh na hIosraelítigh gur mise a chuir chucu thú.’

Ina dhiaidh sin chuaigh Maois abhaile agus dúirt sé le Iet’ro: ‘Le do thoil, lig dom dul ar ais go dtí mo ghaolta san Éigipt.’ Mar sin d’fhág Iet’ro slán ag Maois agus thosaigh Maois ar a thuras go dtí an Éigipt.

Eaxodus 3:1-22; 4:1-20.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn