SCÉAL 59
An Fáth ar Theith Dáibhí
TAR éis do Dháibhí Goliat a mharú, tugann ceannfort airm Iosrael, Aibnéar, chuig Sól é. Déanann Sól taoiseach ina arm de, agus tugann sé chun cónaithe i dteach an rí é.
Nuair a fhilleann an t-arm ó bheith ag troid leis na Fi·lis’tínigh canann na mná: ‘Mharaigh Sól na mílte ach Daibhí na deicheanna de mhílte.’ Cuireann sé seo éad ar Shól, mar tá níos mó onóir á thabhairt do Dháibhí ná do Shól. Ach níl éad ar mhac Shóil, Iónátán. Tá anchion aige ar Dháibhí agus ag Dáibhí airsean. Geallann siad go mbéidh siad ina gcáirde go deo.
Is an-chláirseoir é Dáibhí, agus is maith le Sól an ceol a sheinneann sé. Ach tá éad ar Shól agus lá amháin, le linn do Dháibhí bheith ag seinm ar an gcruit caitheann Sól a shlea leis ag rá: ‘Greamóidh mé den bhalla é.’ Ach seachnaíonn Dáibhí é agus ní bhuaileann an slea é. Níos deireanaí teipeann ar Shól arís Dáibhí a bhuaileadh lena shlea. Anois tá fhios ag Dáibhí go gcaithfidh sé bheith cúramach.
An cuimhin leat an gheallúint a rinne Sól? Dúirt sé go dtabharfadh sé a iníon le pósadh don fhear a mharódh Goliat. Sa deireadh deireann Sól le Dáibhí gur féidir leis a iníon Míceal a bheith aige, ach caithfidh sé 100 Fi·lis’tíneach a mharú ar dtús. Tá súil ag Sól go maróidh na Fi·lis’tínigh Dáibhí. Ach ní mharaíonn. Mar sin tugann Sól a iníon dó le pósadh.
Lá amháin insíonn Sól dá shearbhóntaí agus do Iónátán lena athair: ‘Ná gortaigh Dáibhí. Ní dhearna sé aon ní as bealach ort riamh. Go deimhin, ba cabhair duit gach a ndearna sé. Chuir sé a bheatha i mbaol nuair a mharaigh sé Goliat, agus nuair a chonaic tú é sin, bhí áthas ort.’
Éisteann Sól lena mhac, agus geallann sé nach ngortóidh sé Dáibhí. Freastalaíonn Dáibhí ar Shól arís, díreach mar a rinne sé cheanna. Lá amháin, áfach, le linn do Dháibhí bheith ag seinm ceoil, caitheann Sól a shlea leis arís. Seachnaíonn Dáibhí é agus buaileann an slea an balla. Seo é an tríú huair! Tá fhios ag Dáibhí go gcaithfidh sé teitheadh!
An oíche sin cuireann Sól roinnt fir chuig teach Dháibhí chun é a mharú. Tá fhios ag Míceal céard atá faoina hathair a dhéanamh. Deireann sí lena fear: ‘Mura n-imíonn tú anocht, béidh tú marbh amárach.’ An oíche sin cabhraíonn Míceal le Dáibhí éalú tré fhuinneoig. Tá ar Dháibhí dul i bhfolach ar feadh timpeall seacht mbliana sa gcaoi is nach mbéidh Sól in ann é a fháil.