CUID 6
Breith Íosa go dtí a Bhás
Cuireadh an t-aingeal Gaibriéil chuig bean óg fhónta darbh ainm Muire. D’inis sé di go mbeadh páiste aici a rialódh mar rí go deo. Rugadh an páiste, Íosa, i stábla, áit ar thug aoirí cuairt air. Níos deireanaí, threoraigh réalt fir ón Oirthear chuig an bpáiste óg. Foghlaimímid cé chuir orthu an réalt sin a fheiceáil, agus cé mar a sábháladh Íosa ar na hiarrachtaí a déanadh é a mharú.
Ansin, fáigheann muid Íosa, nuair a bhí sé dhá bhliain déag, ag labhairt leis na múinteoirí sa teampall. Baisteadh Íosa ocht mbliana déag ina dhiaidh sin, agus thosaigh sé ar an obair chraobhscaoileadh agus theagasc na Ríochta ar chuir Dia ar an talamh é lena dhéanamh. Le cabhrú leis san obair seo, roghnaigh Íosa 12 fear agus rinne sé a aspail díobh.
Rinne Íosa a lán míorúiltí freisin. Bheathaigh sé na mílte duine is gan aige ach cúpla iasc beaga agus roinnt bheag builíní aráin. Leigheas sé na heasláin agus thóg sé na mairbh fiú. Ar deireadh thair, foghlaimímid faoin méid rudaí a thárla d’Íosa ar an lá deireanach dá shaol, agus faoin gcaoi ar maraíodh é. Bhí Íosa ag craobhscaoileadh ar feadh timpeall trí bliana go leith, mar sin clúdaíonn CUID a 6 breis agus 34 bliain.