Ceacht 8
Saol Clainne a Thugann Taitneamh do Dhia
Cén áit atá ag an bhfear céile sa chlann? (1)
Cé mar is ceart d’ fhear céile caitheamh lena bhean chéile? (2)
Céard iad na cúraimí atá ar an athair? (3)
Cén pháirt atá ag an mbean chéile sa chlann? (4)
Céard atá Dia a iarraidh ar thuismitheoirí agus ar pháistí? (5)
Céard é dearcadh an Bhíobla ar scaradh agus ar cholscaradh? (6, 7)
1. Deir an Bíobla gurb é an fear céile atá ina cheann ar an gclann. (1 Corantaigh 11:3) Níl ceadaithe d’fhear céile ach bean chéile amháin. Ba chóir dóibh a bheith pósta ceart de réir dlí.—1 Tiomóid 3:2; Títeas 3:1.
2. Ba cheart go dtabharfadh fear céile an grá céanna dá bhean chéile agus a thugann sé dó féin. Ba cheart dó caitheamh léi mar a chaitheann Íosa lena lucht leanúna. (Eifisigh 5:25, 28, 29) Níor cheart dó í a bhualadh ar chor ar bith ná drochíde a thabhairt di ar aon bhealach. Ina leaba sin, ba cheart dó onóir agus ómós a thaispeáint di.—Colosaigh 3:19; 1 Peadar 3:7.
3. Ba cheart d’athair oibriú go crua ar mhaithe lena chlann. Tá de dhualgas air bia, éadach agus dídean a sholáthar dá bhean chéile agus dá pháistí. Tá de dhualgas ar athair freisin soláthar a dhéanamh do riachtanais spioradálta a chlainne. (1 Tiomóid 5:8) Mar cheann na clainne, tógann sé air féin cabhrú lena chlann foghlaim faoi Dhia agus faoina chuspóirí.—Deotranaimí 6:4-9; Eifisigh 6:4.
4. Ba cheart do bhean chéile a bheith ina cúntóir maith dá fear. (Geineasas 2:18) Ba cheart di cuidiú lena fear céile a gcuid páistí a mhúineadh agus a oiliúint. (Seanfhocal 1:8) Iarrann Iehova ar bhean chéile aire ghrámhar a thabhairt dá clann. (Seanfhocal 31:10, 15, 26, 27; Títeas 2:4, 5) Ba cheart di fíor ómós a bheith aici dá fear.—Eifisigh 5:22, 23, 33.
5. Iarrann Dia ar pháistí a bheith umhal dá dtuismitheoirí. (Eifisigh 6:1-3) Bíonn sé ag súil go múinfidh agus go gceartóidh tuismitheoirí a bpáistí. Ní mór do thuismitheoirí freastal ar riachtanais spioradálta agus mhothúchánacha a bpáistí trí am a chaitheamh leo agus staidéar a dhéanamh ar an mBíobla leo. (Deotranaimí 11:18, 19; Seanfhocal 22:6, 15) Níor chóir do thuismitheoirí a bpáistí a smachtú ar bhealach garbh ná cruálach ag aon am.—Colasaigh 3:21.
6. Nuair a bhíonn deacrachtaí ag lánúin eatarthu féin, déanaidís iarracht comhairle an Bhíobla a chur i bhfeidhm. Spreagann an Bíobla muid le grá a thaispeáint agus le maithiúnas a thabhairt. (Colosaigh 3:12-14) Ní mholann Focal Dé scaradh mar réiteach ar mhiondeacrachtaí. Ach d’fhéadfadh bean chéile roghnú a fear a fhágáil (1) má dhiúltaíonn sé go ceanndána gan a chlann a chothú, (2) má bhíonn sé chomh foréigneach is go mbíonn a beatha nó a sláinte i mbaol, nó (3) má chuireann sé ina coinne chomh mór is nach féidir léi adhradh a thabhairt do Iehova.—1 Corantaigh 7:12, 13.
7. Ní mór do lánúin phósta a bheith dílis dá chéile. Is peaca in aghaidh Dé agus in aghaidh chéile dhuine an t-adhaltranas. (Eabhraigh 13:4) Caidreamh gnéis taobh amuigh den phósadh an t-aon chúis Scrioptúrtha le haghaidh colscaradh a cheadódh athphósadh. (Matha 19:6-9; Rómhánaigh 7:2, 3) Is fuath le Iehova go bhfhaigheann daoine colscaradh gan bunús Scrioptúrtha leis agus go bpósann siad daoine eile.—Malachi 2:14-16.
[Pictiúir ar leathanaigh 16, 17]
Bíonn Dia ag súil go múinfidh agus go gceartóidh tuismitheoirí a bpáistí
[Pictiúr ar leathanach 17]
Déanann athair grámhar soláthar corpartha agus spioradálta dá chlann