CEACHT 9
Cén Chaoi Is Fearr Le hUllmhú i gComhair Na gCruinnithe?
An Chambóid
An Úcráin
Má tá tú ag staidéar an Bhíobla le Finnéithe Iehova, is dóigh go ndéanann tú léirbhreithniú ar an ábhar roimh ré. Ní mór an rud céanna a dhéanamh chun an leas is fearr a bhaint as na cruinnithe. Má chuireann muid an dea-chleachtas seo i bhfeidhm go rialta, beidh toradh maith air.
Socraigh am agus áit chun staidéar a dhéanamh. Cén t-am den lá is fearr a dhéanann tú staidéar? Go luath ar maidin nó níos déanaí sa tráthnóna? Fiú mura bhfuil tú in ann staidéar ar feadh tréimhsí fada, socraigh ar an méid ama atá tú in ann a chur ar leataobh lena aghaidh agus triail gan ligeann d’aon rud cur isteach ort. Faigh áit chiúin, agus cas as an raidió, an teilifís, an fón póca, agus aon rud eile a chuirfeadh isteach ort. Má ghuíonn tú roimh ré tabharfaidh sé cúnamh duit imní an lae a chur ar leataobh agus díriú isteach ar Bhriathar Dé.—Filipigh 4:6, 7.
Ullmhaigh an t-ábhar agus faigh réidh le páirt a ghlacadh. Ar dtús déan athbhreithhniú ar an ábhar a bheidh á phlé. Smaoinigh ar theideal an ailt nó an chaibidil, féach ar an mbaint atá ag na fotheidil leis an téama, agus scrúdaigh na pictiúir agus na ceisteanna athbhreithnithe. Ansin léigh gach alt agus aimsigh freagraí na gceisteanna. Aimsigh agus léigh na scrioptúir atá luaite, agus féach mar a thacaíonn siad leis an ábhar. (Gníomhartha 17:11) Nuair atá freagra na ceiste agat, cuir líne faoi chúpla focal nó frásaí san alt a thabharfaidh an freagra chun cuimhne. Ansin ag an gcruinniú is féidir leat do lámh a chur suas, más mian leat, agus freagra gearr a thabhairt i do chuid focail féin.
De réir mar a dhéanann tú scrúdú ar na hábhair éagsúla a phléitear gach seachtain ag na cruinnithe, beidh tú ag cur leis an “stór” eolais atá agat ar an mBíobla.—Matha 13:51, 52.
Céard iad na dea-chleachtais a d’fhéadfá a chothú chun ullmhú do na cruinnithe?
Cén chaoi ar féidir leat ullmhú chun freagra a thabhairt ag an gcruinniú?