Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • jl ceacht 10
  • Ag Adhradh Dé Le Chéile Mar Chlann

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Ag Adhradh Dé Le Chéile Mar Chlann
  • Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Cén Chaoi Ar Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona?​—Cuid 2
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Ag Adhradh Iehova Mar Theaghlach
    Is Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona Sásta
Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
jl ceacht 10

CEACHT 10

Ag Adhradh Dé Le Chéile Mar Chlann

Clann ag baint taitneamh as a seisiún adhartha

An Chóiré Theas

Lánúin phósta ag staidéar an Bhíobla le chéile

An Bhrasaíl

Duine d’Fhinnéithe Iehova ag staidéar an Bhíobla

An Astráil

Clann ag déanamh plé ar ábhar ón mBíobla

An Ghuine

Is é mian Iehova go dtiocfadh gach clann le chéile go rialta, chun a gcuid spioradáltachta a chothú agus a gcaidreamh le chéile a neartú. (Deotranaimí 6:6, 7) Sin é an fáth a gcuireann Finnéithe Iehova tréimhse ama ar leataobh gach seachtain chun Dia a adhradh mar chlann—ag plé ábhair spioradálta atá roghnaithe acu roimh ré. Fiú má tá tú i do chónaí leat féin, is féidir leat an t-am sin a chaitheamh ag déanamh staidéir ar do rogha ábhair ón mBíobla.

Neartaíonn sé ár gcaidreamh le hIehova. “Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa.” (Séamas 4:8) Cuireann muid aithne níos fearr ar Iehova nuair a dhéanann muid staidéar ar an mBíobla. Chun tús a chur le bhur seisiún adhartha is féidir sliocht as an mBíobla a léamh os ard le chéile—d’fhéadfaí an sceideal don chruinniú Ár Saol agus Ár Ministreacht Chríostaí a leanúint. D’fhéadfadh gach duine den teaghlach píosa léitheoireachta a dhéanamh agus ansin plé a dhéanamh ar na scrioptúir atá léite.

Neartaíonn sé ár gcaidreamh lenár gclann. Neartaíonn fir agus mná céile, chomh maith le tuismitheoirí agus páistí, a gcaidreamh nuair a dhéanann siad staidéar ar an mBíobla mar chlann. Ba cheart gur ócáid shona é, a mbeadh gach duine ag tnúth leis. Is féidir le tuismitheoirí ábhair phraiticiúla a roghnú ón Watchtower agus Awake! nó ónár láithreán gréasáin, jw.org, ag brath ar aois na bpáistí. Is féidir libh plé a dhéanamh ar fhadhb atá ag bhur bpáistí ar scoil agus an chaoi is fearr le déileáil leis. Breathnaigí, más mian libh, ar cheann de na cláir atá craolta ar JW Broadcasting (tv.jw.org) agus déan plé air. Is féidir na hamhráin le haghaidh na gcruinnithe a chleachtadh, agus taitneamh a bhaint as sólaistí tar éis an tseisiúin adhartha.

Cabhróidh bhur seisiún adhartha libh pléisiúr a bhaint as Briathar Dé agus beannóidh Dia bhur saothar.—Salm 1:1-3.

  • Cén fáth a mbíonn seisiún adhartha againn mar chlann?

  • Cén chaoi ar féidir le tuismitheoirí a chinntiú gur ócáid shona a bheidh ann?

FAIGH TUILLEADH EOLAIS

Faigh amach céard a dhéanann daoine eile sa bpobal le linn a seisiúin adhartha. Faigh amach freisin, cé na foilseacháin a bheadh tú in ann a úsáid chun múineadh do do pháistí faoi Iehova.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn