Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • hf cuid 9 leathanaigh 29-31
  • Ag Adhradh Iehova Mar Theaghlach

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Ag Adhradh Iehova Mar Theaghlach
  • Is Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona Sásta
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • 1 NEARTAIGH DO CHAIDREAMH LE IEHOVA
  • 2 BAIN SULT AS DO SHEISIÚN ADHARTHA
  • Ag Adhradh Dé Le Chéile Mar Chlann
    Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
  • Druid i gCóngar Iehova
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
Is Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona Sásta
hf cuid 9 leathanaigh 29-31
Lánúin ag déanamh staidéir ar an mBíobla le chéile

CUID 9

Ag Adhradh Iehova Mar Theaghlach

“Tugaigí a dhíol adhartha don té a rinne neamh agus talamh.”—Apacailipsis 14:7

Mar atá foghlamtha agat sa bhróisiúr seo, tá go leor prionsabail sa Bhíobla a chabhróidh leat féin agus le do theaghlach. Tá Iehova ag iarraidh go mbeidh tú sona sásta. Geallann sé má thugann tú tús áite dá chuid adhartha go ‘dtabharfar na nithe sin uile daoibh chomh maith.’ (Matha 6:33) Is mór aige do chairdeas. Tapaigh gach deis chun do chairdeas leis a chothú. Is í seo an phribhléid is mó a d’fhéadfadh a bheith ag duine.—Matha 22:37, 38.

1 NEARTAIGH DO CHAIDREAMH LE IEHOVA

Lánúin ag craobhscaoileadh le chéile

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “Beidh mé i m’athair agaibh agus beidh sibhse in bhur gclann mhac agus iníonacha agamsa.” (2 Corantaigh 6:18) Tá Dia ag iarraidh ort a bheith i do dhlúthchara aige. Bealach amháin chun é seo a dhéanamh ná trí ghuí. Tugann Iehova cuireadh duit a bheith “ag guí gan staonadh.” (1 Teasalónaigh 5:17) Tá an-fhonn air do chuid smaointe agus na rudaí atá ag déanamh imní duit a chloisteáil. (Filipigh 4:6) Nuair a ghuíonn tú le do theaghlach, déanann sé soiléir dóibhsean go gcreideann tusa go bhfuil Dia ann.

Ní mór duit éisteacht le Dia chomh maith, trí staidéar a dhéanamh ar a fhocal agus ar fhoilseacháin atá bunaithe ar an mBíobla. (Salm 1:1, 2) Déan machnamh ar an méid atá á fhoghlaim agat. (Salm 77:12, 13) Lena chois sin ní mór duit freastal go rialta ar chruinnithe Críostaí.—Salm 122:1-4.

Bealach tábhachtach eile chun do chaidreamh le Iehova a neartú ná labhairt le daoine eile faoi. Dá mhéad dá ndéanann tú é seo, is ea is mó a mhothóidh tú an ceangal atá agat leis.—Matha 28:19, 20.

AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:

  • Cuir am i leataobh gach lá chun an Bíobla a léamh agus chun guí a dhéanamh

  • Mar chlann, tabhair tús áite do rudaí spioradálta thar siamsaíocht agus caitheamh aimsire

2 BAIN SULT AS DO SHEISIÚN ADHARTHA

Ullmhaíonn athair le staidéar a dhéanamh lena theaghlach agus ansin baineann siad sásamh as an seisiún adhartha

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa.” (Séamas 4:8) Ní mór duit sceideal a bheith agat le haghaidh do sheisiún adhartha agus cloí leis go rialta. (Geineasas 18:19) Ach ní leor é sin. Ní mór do Dhia a bheith mar pháirt de do shaol laethúil. Neartaigh caidreamh do theaghlaigh le Dia trí a bheith ag labhairt faoi agus tú “i do shuí i do theach duit, nó ag siúl na slí, nó i do luí nó ag éirí duit.” ( Deotranaimí 6:6, 7) Bíodh sé mar sprioc agat aithris a dhéanamh ar Iósua, a dúirt: “Maidir liom féin agus le mo theaghlach, ámh, déanfaimid fónamh don Tiarna.”—Iósua 24:15.

AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:

  • Bíodh clár oiliúna rialta agat ina bhfuil riachtanais gach duine den teaghlach san áireamh

Máthair ag léamh dá hiníon óg; clann ag déanamh dráma bunaithe ar chuntas ón mBíobla; athair ag déanamh staidéir lena iníon

SEARBHÓNTAÍ SONA IEHOVA

Níl dada níos fearr ná a bheith ag adhradh Iehova Dia. Tá sé thar a bheith sásta go bhfuil tú féin agus do theaghlach á adhradh go hionraic. De réir mar a dhéanann tú é seo, méadóidh do ghrá do Iehova agus is amhlaidh is mó a dhéanfaidh tú aithris air. (Marcas 12:30; Eifisigh 5:1) Má bhíonn Dia in bhur bpósadh neartóidh sé an ceangal idir tú féin agus do chéile. (Cóheilit 4:12; Íseáia 48:17) Is féidir leatsa agus do theaghlach a bheith sona go deo, mar go bhfuil a fhios agaibh go bhfuil sibh “faoi bheannacht an Tiarna do Dhia.”—Deotranaimí 12:7.

CUIR CEIST ORT FÉIN . . .

  • Cén uair dheireanach a ghuímid le chéile mar lánúin?

  • Cén t-ábhar is féidir liom a phlé le mo theaghlach a neartóidh ár gcreideamh in Iehova?

MAR EOLAS DO CHEANN AN TEAGHLAIGH

  • Ná lig cead do rud ar bith bac a chur ar do sheisiún adhartha

  • Cuir do chlann ar an eolas roimh ré ar cibé ábhar a bheidh sibh a phlé ionas go mbeidh siad in ann réiteach lena aghaidh

  • Déan cinnte go bhfuil gach duine den chlann i láthair

  • Cothaigh atmaisféar suaimhneach a mbainfidh gach duine taitneamh as

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn