Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • jl ceacht 24
  • Cá As a dTagann An tAirgead?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cá As a dTagann An tAirgead?
  • Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Tabhair Tacaíocht Don Phobal Críostaí
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
jl ceacht 24

CEACHT 24

Cá As a dTagann An tAirgead?

Duine ag tabhairt síntiús deonach
Finnéithe Iehova ag craobhscaoileadh

Neipeal

Oibrithe deonacha ag obair ar Ríocht-halla i dTóga

Tóga

Oibrithe deonacha ag obair ag an gcraobh-oifig sa mBreatain

An Bhreatain

Foilsíonn agus dáileann ár n-eagraíocht na céadta milliúin Bíobla agus foilseacháin eile gach bliain saor in aisce. Tógann muid Ríocht-hallaí agus craobh-oifigí agus déanann muid obair chothabhála orthu. Tugann muid tacaíocht do na mílte atá ag obair go lánaimseartha i mBéitéil agus do mhisinéirí, agus déanann muid obair fóirithinte in am an ghátair. Mar sin, b’fhéidir go bhfuil tú ag fiafraí díot féin, ‘Cá as a dtagann an t-airgead le haghaidh an obair seo ar fad?’

Ní íocann muid deachúna, ní ghearrann muid táillí, ná ní dhéanann muid bailiúcháin. Cé go bhfuil na costais a bhaineann le craobhscaoileadh an dea-scéil an-ard, ní chuireann muid brú ar dhaoine airgead a thabhairt. Os cionn céad bliain ó shin, dúradh sa dara heagrán den Watchtower, gur chreid muid gurb é Iehova ár gcúltaca agus nach ndéanfadh muid achainí go deo ar dhuine ar bith tacaíocht a thabhairt dúinn—agus ní dhearna!—Matha 10:8.

Déantar an obair le tacaíocht ó shíntiúis dheonacha. Tá an-mheas ag go leor daoine ar an teagasc Bíobla a chuireann muid ar fáil agus tugann siad síntiúis dheonacha lena aghaidh. Tá Finnéithe Iehova iad féin breá sásta a gcuid ama, fuinnimh, maoine, agus aon acmhainní eile atá acu a chur ar fáil le toil Dé a dhéanamh ar fud an domhain go léir. (1 Croinicí 29:9) Bíonn boscaí ar fáil ag ár Ríocht-hallaí, ár gcomhthionóil agus ár gcomhdhálacha, inar féidir le daoine síntiúis dheonacha a chur más mian leo. Is féidir síntiúis a thabhairt ar líne ag jw.org chomh maith. Tagann an chuid is mó den airgead ó dhaoine nach bhfuil mórán acu, cosúil leis an mbaintreach bhocht ar mhol Íosa í nuair a chuir sí dhá bhonn airgid nár bhfiú mórán iad i gciste an teampaill. (Lúcás 21:1-4) Ar an gcaoi chéanna is féidir le duine ar bith rud a chur “i dtaisce” go rialta, mar atá “beartaithe ina chroí aige.”—1 Corantaigh 16:2; 2 Corantaigh 9:7.

Tá muid cinnte dearfa de, go leanfaidh Iehova air ag spreagadh daoine ar mian leo onóir a thabhairt dó, síntiúis dheonacha a thabhairt chun tacú le craobhscaoileadh an dea-scéil, ionas go gcomhlíonfar a thoil.—Seanfhocail 3:9.

  • Cé na difríochtaí atá idir muid féin agus reiligiúin eile?

  • Cén chaoi a n-úsáidtear na síntiúis dheonacha?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn