CEACHT 55
Tabhair Tacaíocht Don Phobal Críostaí
Tá na milliúin duine ag adhradh Iehova go gliondrach i bpobail ar fud an domhain. Tá siad buíoch as an treoir agus an oiliúint a fhaigheann siad agus tacaíonn siad leis an bpobal ar gach bealach. An mothaíonn tusa mar sin faoi do phobalsa?
1. Céard iad cuid de na bealaí ar féidir leat do chuid ama agus fuinneamh a úsáid chun tacaíocht a thabhairt don phobal Críostaí?
Is féidir linn ar fad cúnamh a thabhairt sa bpobal Críostaí. Mar shampla, an bhfuil aon duine aosta nó tinn i do phobal? An féidir leat síob a thairiscint dóibh go dtí na cruinnithe nó cabhrú leo ar bhealaí praiticiúil eile, ar nós siopadóireacht nó obair tí a dhéanamh dóibh? (Léigh Séamas 1:27.) Is féidir linn cúnamh a thabhairt lenár Ríocht-halla a choinneáil glan agus néata. Ní chuireann aon duine brú orainn na rudaí seo a dhéanamh. Spreagann grá do Dhia agus dár mbráithre muid chun: “Seo anseo mise, cuir mise!” a rá.—Íseáia 6:8.
Tá Críostaithe atá baiste in ann tacaíocht a thabhairt ar bhealaí eile freisin. Is féidir le bráithre aibí a bheith ina gcúntóirí agus le himeacht ama, ina seanóirí. Tá na bráithre go léir in ann tacú leis an obair chraobhscaoilte trína bheith ina gceannródaithe. Glacann cuid eile de na Finnéithe páirt i dtógáil hallaí i gcóir adhradh nó bogann siad go dtí ceantar a bhfuil cabhair ag teastáil ó phobail eile.
2. Cén chaoi ar féidir linn ár n-acmhainn a úsáid chun tacaíocht a thabhairt don phobal Críostaí?
Deir an Bíobla: “Tabhair onóir don Tiarna [Iehova] le do mhaoin go léir.” (Seanfhocail 3:9) Is pribhléid é a bheith in ann airgead agus acmhainní eile a thabhairt chun tacú leis an bpobal Críostaí áitiúil agus leis an gcraobhscaoileadh domhanda. (Léigh 2 Corantaigh 9:7.) Tugann ár síntiúis tacaíocht freisin d’oibrithe fóirithinte. Roghnaíonn roinnt daoine airgead a chur “i dtaisce” go rialta le haghaidh síntiús. (Léigh 1 Corantaigh 16:2.) Is féidir linn síntiús a thabhairt ag úsáid an bosca síntiúis ag ár Ríocht-halla nó ar líne ag donate.jw.org. Tugann Iehova an deis dúinn ár ngrá a léiriú dó trí na bealaí a roghnaíonn muid ár n-acmhainní a úsáid.
DÉAN TAIGHDE
Smaoinigh ar bhealaí ar féidir leat tacaíocht a thabhairt do do phobal.
3. Is féidir linn ár n-acmhainní a úsáid
Is mór ag Iehova agus ag Íosa an duine a bhíonn flaithiúil ó chroí. Mar shampla, rinne Íosa tagairt den síntiús a thug an bhaintreach bhocht a bhí ar an ngann chuid. Léigh Lúcás 21:1-4, ansin plé na ceisteanna seo:
An gá dúinn go leor airgid a thabhairt le hIehova a shásamh?
Cén chaoi a mothaíonn Iehova agus Íosa nuair a bhíonn muid flaithiúil ó chroí?
Chun foghlaim faoin gcaoi a n-úsáidtear ár síntiúis, seinn an FÍSEÁN. Ansin plé an cheist a leanann.
Cén chaoi a n-úsáidtear síntiúis chun cabhrú le pobail ar fud an domhain?
4. Is féidir linn cabhair a thairiscint
In aimsir an Bhíobla, bhíodh adhraitheoirí Iehova ag obair go díograiseach chun cóir mhaith a choinneáil ar a n-aonaid adhradh. Ach bhí níos mó i gceist anseo ná síntiús airgid a thabhairt. Léigh 2 Croinicí 34:9-11, ansin plé an cheist seo:
Cén chaoi ar thug gach Iosraeilíteach aire do theach Iehova nó a ionad adhradh?
Chun féachaint ar an gcaoi a leanann Finnéithe Iehova an sampla ársa seo, seinn an FÍSEÁN. Ansin plé an cheist a leanann.
Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach cóir mhaith a choinneáil ar ár Ríocht-halla?
Céard iad roinnt de na bealaí ar féidir leat cabhair a thabhairt?
5. Is féidir le deartháireacha freagrachtaí breise a glacadh chucu féin
Molann na Scrioptúir d’fhir Críostaí dul chun cinn a dhéanamh chun go mbeadh siad in ann gach is féidir a dhéanamh chun tacaíocht a thabhairt sa bpobal. Chun féachaint ar shampla, seinn an FÍSEÁN. Ansin plé an cheist a leanann.
Sa bhfíseán, céard a rinne Ryan chun a bheith in ann níos mó tacaíochta a thabhairt sa bpobal?
Tá cur síos sa mBíobla ar na cáilíochtaí atá riachtanach do dheartháireacha le bheith ina gcúntóirí agus ina seanóirí. Léigh 1 Tiomóid 3:1-13, ansin plé na ceisteanna seo:
Céard a bhítear ag súil leis ó dheartháireacha ar mian leo a bheith ina gcúntóirí agus ina seanóirí?
Céard a bhítear ag súil leis óna dteaghlaigh? —Féach véarsaí 4 agus 11.
Nuair a dhéanann deartháireacha a ndícheall chun na cáilíochtaí seo a bhaint amach, cén chaoi a dtéann sé chun tairbhe den phobal?
FIAFRAÍONN DAOINE ÁIRITHE: “Cén chaoi a nglantar na costais a bhaineann le hobair na heagraíochta?”
Cén freagra a thabharfá?
ACHOIMRE
Bíonn Iehova buíoch as na hiarrachtaí a dhéanann muid nuair a úsáideann muid ár gcuid ama, ár bhfuinneamh agus ár n-acmhainní chun tacú leis an bpobal.
Súil Siar
Cén chaoi ar féidir linn ár gcuid ama agus ár bhfuinneamh a úsáid chun tacú leis an bpobal?
Cén chaoi ar féidir linn ár n-acmhainní a úsáid chun tacú leis an bpobal?
Céard iad na bealaí ar mhaith leat tacaíocht a thabhairt don phobal?
FIOSRAIGH
Smaoinigh ar an gcúis a bhfuil Iehova ag iarraidh ar a chuid adhraitheoirí deachúna a thabhairt.
Leagan an Bíobla amach tascanna áirithe d’fhir atá baiste. Ach céard a tharlóidh má theastaíonn ó bhean atá baiste na tascanna seo a chomhlíonadh?
Understanding Headship in the Congregation” (The Watchtower, February 2021)
Féach ar na híobairtí a dhéanann Finnéithe misniúla chun foilseacháin a dháileadh ar a gcomhadhraitheoirí.
Faigh amach faoi mar a mhaoinítear ár gcuid oibre ar bhealach atá difriúil ó eagraíochtaí reiligiúnacha eile.
“How Is the Work of Jehovah’s Witnesses Financed?” (Alt ar líne)