Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • fg ceacht 6 ceisteanna 1-5
  • Cén Dóchas Atá Ann do na Mairbh?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cén Dóchas Atá Ann do na Mairbh?
  • Dea-scéala Ó Dhia!
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Céard a Tharlaíonn Nuair a Fhaigheann Muid Bás?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Tá Aiséirí Le Bheith Ann!
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
Dea-scéala Ó Dhia!
fg ceacht 6 ceisteanna 1-5

Ceacht 6

Cén Dóchas Atá Ann do na Mairbh?

1. Céard é an dea-scéala maidir leis na mairbh?

Cuireann deirfiúracha Lazaras fáilte ar ais roimhe tar éis a aiséirí

Nuair a shroich Íosa Béatáine, in aice le hIarúsailéim, bhí a chara Lazaras marbh le ceithre lá. Chuaigh Íosa go dtí an tuama le Marta agus le Máire, deirfiúracha an fhir mhairbh. Bhailigh slua le chéile. An féidir leat an t-áthas a bhí ar Mharta agus ar Mháire a shamhlú nuair a thóg Íosa Lazaras ón mbás?​—Léigh Eoin 11:21-24, 38-44.

Bhí Marta ar an eolas maidir leis an dea-scéala faoi na mairbh. Bhí a fhios aici go dtabharfadh Iehova aiséirí do na mairbh ionas go bhféadfaidís maireachtáil ar an talamh arís.​—Léigh Iób 14:14, 15.

2. Cén riocht a bhfuil na mairbh ann?

Cruthú Ádhaimh, agus níos déanaí a bháis

Dúirt Dia le hÁdhamh: “Óir is luaithreach thú, agus ar an luaithreach is ea a fhillfidh tú.”—GEINEASAS 3:19.

Rinneadh an duine as an gcré. (Geineasas 2:7; 3:19) Ní spioraid muid, atá inár gcónaí i gcoirp dhaonna. Is créatúir fhisiceacha muid agus mar sin ní mhaireann aon pháirt dínn nuair a fhaighimid bás. Faigheann ár n-inchinn bás freisin agus ní bhíonn aon smaointe againn níos mó. Níor labhair Lazaras faoin rud a tharla dó le linn dó a bheith básaithe mar tá na mairbh gan aithne gan urlabhra.​—Léigh Salm 146:4; Cóheilit 9:5, 6, 10.

An gcránn Dia na mairbh le tine tar éis a mbáis? Ós rud é go léiríonn an Bíobla go bhfuil na mairbh gan aithne gan urlabhra is léir gur teagasc bréagach é go bhfuil daoine á ndó in ifreann, teagasc a dhéanann clúmhilleadh ar Dhia. Cuireann an coincheap go mbeadh daoine á gcrá le tine déistin ar Dhia.​—Léigh Irimia 7:31.

Féach ar an bhfíseán Cén riocht a bhfuil na mairbh ann?

3. An féidir leis na mairbh labhairt linn?

Ní féidir leis na mairbh labhairt ná cloisteáil. (Salm 115:17) Tá aingil mhailíseacha ann agus labhraíonn siad le daoine ag ligean orthu féin gurb iad na mairbh atá ann. (2 Peadar 2:4) Ordaíonn Dia dúinn gan aon bhaint a bheith againn le daoine a bhíonn ag iarraidh teagmháil a dhéanamh leis na mairbh.​—Léigh Deotranaimí 18:10, 11.

4. Cé a thógfar ó na mairbh?

Foghlaimíonn fear a tógadh ón mbás i bParthas faoi Dhia. Ansin tugann an fear cúnamh daoine eile a tógtar ón mbás a mhúineadh.

Beidh na milliúin duine atá marbh san uaigh ar ais ina mbeo ar an talamh. Beidh aiséirí fiú ag cuid de na daoine nach raibh aithne acu ar Dhia agus a rinne drochrudaí.​—Léigh Salm 37:29; Gníomhartha 24:15.

Beidh na daoine a gheobhaidh aiséirí in ann an fhírinne faoi Dhia a fhoghlaim agus dílseacht a thaispeáint d’Íosa trína bheith umhal dó. (Apacailipsis 20:11-13) Beidh na daoine a thagann ar ais agus a dhéanann rudaí maithe in ann sult a bhaint as an saol ar an talamh go deo.​—Léigh Eoin 5:28, 29.

5. Céard a insíonn an t-aiséirí dúinn faoi Iehova?

Thug Dia dóchas maidir leis na mairbh nuair a thug sé a mhac le bás a fháil ar ár son. Mar sin tugann an t-aiséirí léargas dúinn ar ghrá Dé. Sin cineáltas nach bhfuil dlite dúinn. Nuair a thiocfaidh na mairbh ar ais ar an saol, an bhfuil duine ar leith ar mhaith leatsa a fheiceáil?​—Léigh Eoin 3:16; Rómhánaigh 6:23.

Le haghaidh breis eolais, féach ar chaibidlí 6, 7, agus 10 den leabhar Céard go Díreach a Mhúineann an Bíobla?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn