Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • fg ceacht 13 ceisteanna 1-4
  • Céard É an Dea-Scéala Maidir le Reiligiún?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Céard É an Dea-Scéala Maidir le Reiligiún?
  • Dea-scéala Ó Dhia!
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Teagasc Dé as Riocht ag Reiligiún Bréagach
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • An Féidir Leat an Fíorchreideamh a Aithint?
    Dea-scéala Ó Dhia!
Dea-scéala Ó Dhia!
fg ceacht 13 ceisteanna 1-4

Ceacht 13

Céard É an Dea-Scéala Maidir le Reiligiún?

1. An bhfuil gach reiligiún go maith?

Fear ag léamh an Bhíobla Naofa

Tá daoine cneasta i ngach reiligiún. Is maith an scéal go bhfeiceann Dia na daoine sin agus go bhfuil cion aige orthu. Ach faraor, is iomaí droch rud atá luaite le reiligiún freisin. (2 Corantaigh 4:3, 4; 11:13-15) De réir tuairiscí nuachta tá reiligiúin ann a bhfuil páirt acu i sceimhlitheoireacht, cinedhíothú, cogaidh, agus mí-úsáid leanaí. Is údar bróin é seo ag daoine a chreideann i nDia!​—Léigh Matha 24:3-5, 11, 12.

Tugann fíor-reiligiún glóir do Dhia, ach bíonn Dia míshásta le reiligiún bréagach. Múineann reiligiún bréagach teagaisc nach bhfuil sa Bhíobla, ina measc teagaisc bhréagacha faoi Dhia agus faoi na mairbh. Ach tá Iehova ag iarraidh go mbeadh fios na fírinne ag daoine maidir leis féin.​—Léigh Eizicéil 18:4; 1 Tiomóid 2:3-5.

2. Céard é an dea-scéala maidir le reiligiún?

Níl an dallamullóg á chur ar Dhia ag reiligiúin a mhaíonn go bhfuil grá acu dósan ach gur do dhomhan Shátain atá grá acu i ndáiríre. (Séamas 4:4) Tugann Briathar Dé “An Bhablóin Mhór” ar reiligiún bréagach uile le chéile. Ba í an Bhablóin an chathair ársa inár cuireadh tús le reiligiún bréagach tar éis na díleann in aimsir Naoi. Is gearr go gcuirfidh Dia deireadh tobann le reiligiún a chuireann dallamullóg agus a dhéanann leatrom ar an gcine daonna.​—Léigh Apacailipsis 17:1, 2, 5, 16, 17; 18:8.

Ní hé sin deireadh an dea-scéil. Níl dearmad déanta ag Iehova ar na daoine cneasta ar fad atá scaipthe i measc reiligiúin bhréagacha ar fud an domhain. Tá múineadh na fírinne dóibhsean ag cothú aontais eatarthu.​—Léigh Míocá 4:2, 5.

3. Céard is cóir do dhaoine cneasta a dhéanamh?

Daoine ag caint le chéile tar éis cruinniú Críostaí

Tá an fíor-reiligiún ag aontú daoine

Tá cion ag Iehova ar dhaoine a bhfuil grá acu don fhírinne agus don mhaith. Tá sé dá spreagadh le fanacht glan ar reiligiún bréagach. Tá daoine a bhfuil grá acu do Dhia toilteanach athruithe a dhéanamh ina saol chun é a shásamh.​—Léigh Apacailipsis 18:4.

Nuair a chuala daoine cneasta an dea-scéala ó na haspail, ghlac siad leis go háthasach. D’fhoghlaim siad bealach maireachtála nua ó Iehova, a raibh saol sona le cuspóir agus dóchas dá bharr. Ghlac siad leis an dea-scéala agus thug siad tús áite do Iehova ina saol. Is dea-shampla dúinne iad inniu.​—Léigh 1 Teasalónaigh 1:8, 9; 2:13.

Fáiltíonn Iehova isteach ina theaghlach roimh adhraitheoirí a fhágann reiligiún bréagach ina ndiaidh. Má ghlacann tú le cuireadh Iehova, beidh Dia ina chara agat. Beidh tú mar chuid de theaghlach grámhar adhraitheoirí Iehova agus beidh an bheatha shíoraí i ndán duit.​—Léigh Marcas 10:29, 30; 2 Corantaigh 6:17, 18.

4. Cén chaoi a gcuirfidh Dia áthas i ngach áit?

Is dea-scéala é an breithiúnas a thabharfar ar reiligiún bréagach. Tabharfaidh sé faoiseamh ó leatrom ar fud an domhain. Go deo arís ní bheidh reiligiún bréagach in ann an dallamullóg a chur ar an gcine daonna ná deighilt a chothú eatarthu. Beidh gach duine beo aontaithe in adhradh an aon Fhíor-Dhia amháin.—Léigh Apacailipsis 18:20, 21; 21:3, 4.

Le haghaidh breis eolais, féach ar chaibidlí 15 agus 16 den leabhar Céard go Díreach a Mhúineann an Bíobla?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn