Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • fg ceacht 10 ceisteanna 1-4
  • An Féidir Leat an Fíorchreideamh a Aithint?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Féidir Leat an Fíorchreideamh a Aithint?
  • Dea-scéala Ó Dhia!
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Cén Chaoi ar Féidir Leatsa an FíorChreideamh a Aimsiú?
    Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne?
  • Ag Adhradh Dé Mar Is Ceart
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • Céard É an Dea-Scéala Maidir le Reiligiún?
    Dea-scéala Ó Dhia!
  • Teagasc Dé as Riocht ag Reiligiún Bréagach
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
Dea-scéala Ó Dhia!
fg ceacht 10 ceisteanna 1-4

Ceacht 10

An Féidir Leat an Fíorchreideamh a Aithint?

1. An bhfuil ann ach fíor-reiligiún amháin?

Íosa ag múineadh

“Seachnaígí na fáithe bréige.”—MATHA 7:15.

Mhúin Íosa reiligiún amháin dá lucht leanúna, an fíor-reiligiún. Is ionann é agus bóthar atá á dtreorú chun na beatha síoraí. Dúirt Íosa: “Is iad an beagán a aimsíonn” an bóthar sin. (Matha 7:14) Ní ghlacann Dia ach le hadhradh atá bunaithe ar a Bhriathar fírinneach. Tá na fíor-adhraitheoirí ar fad aontaithe i gcreideamh amháin.​—Léigh Eoin 4:23, 24; 14:6; Eifisigh 4:4, 5.

Féach ar an bhfíseán An bhfuil ann ach fíor-reiligiún amháin?

2. Céard a dúirt Íosa faoi Chríostaithe bréige?

Ceannaire reiligiúnach ag labhairt i séipéal. Níos déanaí tá sé ag tabhairt beannacht do shaighdiúirí atá i mbun cogaidh.

“Maíonn siad go bhfuil aithne acu ar Dhia ach bréagnaíonn siad é lena ngníomhartha.”—TÍTEAS 1:16.

Thug Íosa foláireamh go ndéanfadh fáithe bréige truailliú ar an gCríostaíocht. Bíonn an chosúlacht ar fháithe bréige gur fíor-adhraitheoirí iad. Maíonn a gcuid eaglaisí gur Críostaithe iad. Ach is furasta a leithéid a aithint. Cén chaoi? Is as fíor-adhradh amháin a sholáthraítear fíorChríostaithe. Aithnítear iad le tréithe agus bealaí ar leith.​—Léigh Matha 7:13-23.

3. Cén chaoi ar féidir leat fíor-adhraitheoirí a aithint?

Féach na cúig thréithe seo leanas:

  • Tá ómós ag fíor-adhraitheoirí do Bhriathar Dé, an Bíobla. Déanann siad a ndícheall maireachtáil de réir a phrionsabail. Mar sin ní mar a chéile fíor-reiligiún agus reiligiún atá bunaithe ar thuairimíocht dhaonna. (Matha 15:7-9) Déanann fíorChríostaithe beart de réir a mbriathar.​—Léigh Eoin 17:17; 2 Tiomóid 3:16, 17.

  • Tugann Críostaí caint ar an mBíobla. Níos déanaí déanann sé craobhscaoileadh faoi Ríocht Dé, tugann sé cúnamh le fóirithint anachaine, tugann sé cúnamh do dhaoine aosta.

    Tá ardmheas ag lucht leanúna Íosa ar ainm Dé, Iehova. Chuir Íosa daoine ar an eolas faoi ainm Dé, rud a léirigh go raibh ardmheas aige air. Chabhraigh sé le daoine aithne a chur ar Dhia agus mhúin sé dóibh le guí go ndéanfaí ainm Dé a naomhú. (Matha 6:9) Cén reiligiún a fhoilsíonn ainm Dé i do cheantarsa?​—Léigh Eoin 17:26; Rómhánaigh 10:13, 14.

  • Bíonn fíorChríostaithe ag craobhscaoileadh Ríocht Dé. Chuir Dia Íosa chun na talún le dea-scéala na Ríochta a chraobhscaoileadh. Níl aon dóchas i ndán don chine daonna ach Ríocht Dé. Lean Íosa ag labhairt faoi Ríocht Dé go dtí lá a bháis. (Lúcás 4:43; 8:1; 23:42, 43) Dúirt sé go mbeadh a lucht leanúna ag craobhscaoileadh ina leith. Má thagann duine chugat chun labhairt leat faoi Ríocht Dé, meas tú cén reiligiún a mbaineann sé leis?​—Léigh Matha 24:14.

  • Níl aon pháirt ag lucht leanúna Íosa sa saol urchóideach seo. Is féidir iad a aithint mar ní ghlacann siad aon pháirt i gcúrsaí polaitíochta ná i gcoimhlintí sóisialta. (Eoin 17:16; 18:36) Chomh maith leis sin, ní dhéanann siad aithris ar chleachtais ná ar mheon díobhálach an tsaoil seo.​—Léigh Séamas 4:4.

  • Tá grá an-mhór ag fíorChríostaithe dá chéile. Foghlaimíonn siad ó Bhriathar Dé le meas a bheith acu ar gach grúpa eitneach. Cé gur minic a thugann reiligiúin bhréagacha tacaíocht do chogaí na náisiún, diúltaíonn fíor-adhraitheoirí é sin a dhéanamh. (Míocá 4:1-3) Ina ionad sin, tugann fíorChríostaithe a gcuid ama agus a gcuid acmhainní go neamhleithleach ag spreagadh agus ag cabhrú le daoine eile.​—Léigh Eoin 13:34, 35; 1 Eoin 4:20.

4. An féidir leat an fíor-reiligiún a aithint?

Céard é an reiligiún a bhunaíonn a gcuid teagaisc ar Bhriathar Dé, a bhfuil ardmheas acu ar ainm Dé, agus a fhógraíonn gurb í Ríocht Dé an t-aon dóchas atá ag an gcine daonna? Cén grúpa a chleachtann an grá agus a sheachnaíonn cogadh? Céard a cheapann tusa?​—Léigh 1 Eoin 3:10-12.

Le haghaidh breis eolais, féach ar chaibidil 15 den leabhar Céard go Díreach a Mhúineann an Bíobla?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn