Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • rq ceacht 13 leathanaigh 26-27
  • Cén Chaoi ar Féidir Leatsa an FíorChreideamh a Aimsiú?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cén Chaoi ar Féidir Leatsa an FíorChreideamh a Aimsiú?
  • Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne?
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • An Féidir Leat an Fíorchreideamh a Aithint?
    Dea-scéala Ó Dhia!
  • Cén Chaoi a nAithneofá Fíor-Chríostaithe?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Ag Adhradh Dé Mar Is Ceart
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne?
rq ceacht 13 leathanaigh 26-27

Ceacht 13

Cén Chaoi ar Féidir Leatsa an FíorChreideamh a Aimsiú?

An bhfuil Dia sásta le gach creideamh, nó díreach le ceann amháin? (1)

Cén fáth a maíonn an oiread sin reiligiún gur Críostaithe iad? (2)

Cén chaoi ar féidir leat fíorChríostaithe a athinte? (3-7)

1. Bhunaigh Íosa creideamh fíorChríostaithe amháin. Dá réir sin, caithfidh sé nach bhfuil ann inniu ach aon dream nó grúpa amháin, arb iad fíoradhraitheoirí Iehova Dia iad. (Eoin 4:23, 24; Eifisigh 4:4, 5) Múineann an Bíobla nach bhfuil ach beagán daoine ar an mbóthar cúng a threoraíonn chun na beatha.—Matha 7:13, 14.

2. Thuar an Bíobla go dtiocfadh teagasc cam agus cleachtais neamhchríostaí isteach sa phobal Críostaí de réir a chéile tar éis bháis na n-aspal. Mheallfadh fir daoine ón gcreideamh le hiad féin a leanúint in aít Chríost. (Matha 7:15, 21-23; Gníomhartha 20:29, 30) Sín é an fáth go bhfeicimid an méid sin reiligiún éagsúil a mhaíonn gur Chríostaithe iad. Cén chaoi ar féidir fíorChríostaithe a aithint?

3. Is é an comhartha is suntasaí a bhaineann le fíorChríostaithe ná go mbíonn fíorghrá acu féin dá chéile. (Eoin 13:34, 35) Ní mhúintear iad le ceapadh go bhfuil siad níos fearr ná daoine a bhaineann le cine eile nó atá ar dhath eile. Ná ní mhúintear dóibh le gráin a bheith acu ar dhaoine ó thíortha eile. (Gníomhartha 10:34, 35) Mar sin, ní ghlacann siad páirt i gcogaí. Caitheann fíorChríostaithe lena chéile mar a dhéanfadh deartháireacha agus deirfiúracha.—1 Eoin 4:20, 21.

4. Is comhartha eile gurb é fíorchreideamh é má bhíonn an-ómós don Bhíobla ag a chuid ball. Glacann siad leis mar Bhriathar Dé agus creideann siad an rud a deir sé. (Eoin 17:17; 2 Tiomóid 3:16, 17) Tugann siad tosaíocht do Bhriathar Dé ar thuairimí agus ar ghnásanna daonna. (Matha 15:1-3, 7-9) Triáileann siad a saol laethúil a chaitheamh de réir an Bhíobla. Dá réir sin, ní chraobhscaoileann siad rud amháin agus a mhalairt a chleachtadh.—Títeas 1:15, 16.

5. Ní mór don fhíorchreideamh onóir a thabhairt d’ainm Dé freisin. (Matha 6:9) D’fhoilsigh Íosa ainm Dé, Iehova, do dhaoine eile. Ní mór d’fíorChríostaithe an rud céanna a dhéanamh. (Eoin 17:6, 26; Rómhánaigh 10:13, 14) Cé hiad na daoine i do phobalsa a bhíonn ag insint do dhaoine eile faoi ainm Dé?

6. Ní mór d’fíorChríostaithe a bheith ag craobhscaoileadh faoi Ríocht Dé. Rinne Íosa amhlaidh. Bhíodh sé i gcónaí ag caint ar an Ríocht. (Lúcás 8:1) D’ordaigh sé dá dheisceabail an teachtaireacht chéanna seo a chraobhscaoileadh ar fud an talaimh. (Matha 24:14; 28:19, 20) Creideann fíorChríostaithe gur trí Ríocht Dé amháin a thiocfaidh fíorshíocháin agus sábháilteacht ar an talamh seo.—Salm 146:3-5.

7. Ní mór do dheisceabail Íosa a bheith scartha amach ón saol urchóideach seo. (Eoin 17:16) Ní bhíonn aon pháirt acu i ngnothaí polaitiúla ná i gconspóidí sóisialta an tsaoil. Seachnaíonn siad na béasa, cleachtais, agus meonta díobhalácha atá coitianta sa saol. (Seamus 1:27; 4:4) An n-aithníonn tusa grúpa reiligiúnda i do phobalsa a bhfuil comharthaí seo na fíorChríostaíochta acu?

[Pictiúir ar leathanaigh 26, 27]

FíorChríostaithe —bíonn grá acu féin dá chéile, ómós acu don Bhíobla agus bíonn siad ag chraobhscaoileadh faoi Ríocht Dé

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn