Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • rq ceacht 14 leathanaigh 28-29
  • An Bealach ina bhFuil Finnéithe Iehovah Eagraithe

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bealach ina bhFuil Finnéithe Iehovah Eagraithe
  • Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne?
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Cén Fáth a Bhfuil Eagraíocht ag Dia?
    Dea-scéala Ó Dhia!
  • Cén Chaoi ar Féidir le Cruinnithe Fhinnéithe Iehova Dul Chun Tairbhe Duit?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Céard a Dhéantar Ag Craobh-oifig?
    Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne?
rq ceacht 14 leathanaigh 28-29

Ceacht 14

An Bealach ina bhFuil Finnéithe Iehovah Eagraithe

Cén uair a cuireadh tús le Finnéithe Iehova an lae inniu? (1)

Cén leagan amach a bhíonn ar chruinnithe Fhinnéithe Iehova? (2)

Cén chaoi a nglantar costaisí? (3)

Cé a bhíonn i mbun stiúrtha i ngach pobal? (4)

Céard iad na cruinnithe móra eile a thionóltar gach bliain? (5)

Cén obair a dhéantar ag a gceanncheathrú agus sna craobhoifigí? (6)

1. Thosaigh Finnéithe Iehova an lae inniu sna 1870-aidí. I dtús aimsire Scoláirí Bíobla a thugtaí mar ainm orthu. Ach i 1931 ghlac siad chucu féin an t-ainm Scrioptúrtha Finnéithe Iehova. (Iseáia 43:10) Bhí an eagraíocht beag ar dtús ach d’fhás sí agus tá na milliúin Finné inti anois, iad go gnóthach ag craobhscaoileadh i 233 tír.

2. Bíonn cruinnithe trí huaire sa tseachtain ag formhór na bpobal d’Finnéithe Iehova. Tugtar cuireadh duit freastal ar aon cheann acu seo. (Eabhraigh 10:24, 25) Is é an Bíobla bun agus barr gach a mhúintear. Tosnaítear agus críochnaítear gach cruinniú le gúi. Castar “amhráin spioradálta” ón gcroí ag formhór na gcruinnithe. (Eifisigh 5:18, 19) Bíonn cead isteach in aisce, agus ní dhéantar aon bhailiúcháin.—Matthew 10:8.

3. Tionóltar formhór na gcruinnithe i Halla Ríochta. Is iondúil gur foirgnimh shimplí a bhíonn iontu tógtha le hobair dheonach na bhFinnéithe. Ní fheicfidh tú aon íomhánna, crosa, ná rudaí mar iad ag Halla na Ríochta. Is as síntiúis dheonacha a ghlantar costaisí. Don té ar mian leis síntiús a thabhairt, bíonn bosca síntiúis ann.—2 Corantaigh 9:7.

4. I ngach pobal bíonn seanóirí, nó maortha. Orthusan a thiteann na cúraimí teagaisc sa phobal. (1 Tiomóid 3:1-7; 5:17) Cuidíonn searbhóntai na haireachta leo. (1 Tiomóid 3:8-10, 12, 13) Níl na fir seo ardaithe suas os cionn an chuid eile den phobal. (2 Corantaigh 1:24) Ní thugtar aon teideal speisialta dóibh. (Matha 23:8-10) Ní chaitheann siad éadaí speisialta seachas mar a chaitheann daoine eile. Ná ní íoctar iad as a gcuid oibre. Tugann na seanóirí aire do riachtanais spioradálta an phobail go fonnmhar. Tá siad in ann sólás agus comhairle a thabhairt in am an ghátair.—Séamus 5:14-16; 1 Peadar 5:2, 3.

5. Bíonn tionóil nó comhdhálacha móra bliantúla ag Finnéithe Iehova freisin. Ar na hócáidí seo tagann roinnt mhaith pobal le chéile le haghaidh clár speisialta teagaisc bunaithe ar an mBíobla. Bíonn baisteadh deisceabal nua ina chuid rialta de chlár gach tionóil nó comhdhála.—Matha 3:13-17; 28:19, 20.

6. Tá ceanncheathrú domhanda Finnéithe Iehova i Nua Eabhrach. Is ansin atá an Bord Stiúrtha lonnaithe, grúpa lárnach de sheanóirí le seantaithí a riarann an pobal domhanda. Chomh maith leis sin tá breis is 100 craobhoifig ar fud an domhain. Ag na hionaid seo, cuidíonn oibrithe deonacha le saothar liteartha bunaithe ar an mBíobla a phriontáil agus a sheoladh. Tugtar treoir freisin maidir le heagrú na hoibre craobhscaoilte. Cén fáth nach mbeartaíonn tú cuairt a thabhairt ar an gcraobhoifig is gaire duitse?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn