Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • jl ceacht 22
  • Céard a Dhéantar Ag Craobh-oifig?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Céard a Dhéantar Ag Craobh-oifig?
  • Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
jl ceacht 22

CEACHT 22

Cén Obair a Dhéantar Ag Craobh-oifig?

Grúpa fir ag eagrú craobhscaoileadh an dea-scéil ar son na craobh-oifige in Oileáin Sholomón

Oileáin Sholomón

Duine d’Fhinnéithe Iehova ag obair ag an gcraobh-oifig i gCeanada

Ceanada

Trucailí le haghaidh ábhair léitheoireachta a dháileadh

An Afraic Theas

Oibríonn na daoine atá i mBéitéil i ranna éagsúla, ag breathnú i ndiaidh chraobhscaoileadh an dea-scéil i gceann amháin nó níos mó de thíortha. I measc na hoibre a dhéantar don réigiún atá faoina gcúram, tá obair aistriúcháin, priontáil irisí, ceangal leabhar, dáileadh ábhar léitheoireachta, táirgeadh ábhar fuaime/físe, agus mar sin de.

Riarann an Coiste Craoibhe imeachtaí na Craobh-oifige. Tá feidhmiú gach craobh-oifig curtha faoi chúram Coiste Craoibhe ag an mBord Stiúrtha. Bíonn triúr, nó níos mó, seanóirí a bhfuil seantaithí acu ar an gCoiste Craoibhe. Coinníonn an coiste an Bord Stiúrtha ar an eolas faoin dul chun cinn atá á dhéanamh i ngach tír atá faoina gcúram, agus faoi aon deacrachtaí ar léir dóibh. Cabhraíonn na tuairiscí seo leis an mBord Stiúrtha cinneadh a dhéanamh maidir leis na hábhair a fhoilseofar amach anseo, i bhfoilseacháin nua, ag cruinnithe agus ag comhthionóil. Cuireann an Bord Stiúrtha a n-ionadaithe amach go rialta chun cuairt a thabhairt ar na craobh-oifigí, agus chun treoir a thabhairt do Choistí Craoibhe lena gcuid dualgais a láimhseáil. (Seanfhocail 11:14) Tugann ionadaí an cheanncheathrú caint, mar pháirt de chlár speisialta a eagraítear chun gach a bhfuil ina gcónaí i limistéar na craobh-oifige a spreagadh.

Tugtar tacaíocht do na pobail áitiúla. Is ó bhráithre sa gcraobh-oifig a bhfuil an dualgas sin orthu, a fhaightear an cead pobail nua a bhunú. Is bráithre sa gcraobh-oifig freisin a stiúrann obair na gceannródaithe, na misinéirí, agus na feighlithe ceantar atá ag freastal i limistéar na craobh-oifige. Eagraíonn siad comhthionóil, comhdhálacha, agus tógáil Ríocht-hallaí, agus dáileann siad foilseacháin ar na pobail de réir mar atá siad ag teastáil. Cuireann gach a ndéantar i gcraobh-oifig ord agus eagar ar an mbealach a chraobhscaoiltear an dea-scéal.—1 Corantaigh 14:33, 40.

  • Cén chaoi a gcabhraíonn Coistí Craoibhe leis an mBord Stiúrtha?

  • Cé na dualgais a mbreathnaítear ina ndiaidh ag craobh-oifig?

FAIGH TUILLEADH EOLAIS

Tá fáilte romhat cuairt a thabhairt ar aon cheann dár gcraobh-ofigí, ó Luan go hAoine, agus turas treoraithe a dhéanamh. Bí gléasta mar a ghléasfá le haghaidh an chruinnithe. Neartóidh do chuairt ar Bhéitéil do chreideamh.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn