Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 40 lth. 98-lth. 99 alt 2
  • Dáiví agus Góla

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Dáiví agus Góla
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Dáibhí Agus Goliat
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ní Raibh Faitíos ar Dháiví
    Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
  • Is Mian Leis na hIosraeilítigh go gCeapfaí Rí
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
  • Toghann Dia Dáibhí
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 40 lth. 98-lth. 99 alt 2
Dáiví ag caitheamh cloch as a chrann tabhaill le Góla

CEACHT 40

Dáiví agus Góla

Dúirt Iehova le Samúéil: ‘Téigh go dtí teach Ieise. Tá duine dá chlann mhac roghnaithe agam le bheith ina rí ar Iosrael in áit Shóil.’ Chuaigh Samúéil go dtí teach Ieise. Nuair a chonaic sé an mac ba shine a bhí ag Ieise dúirt sé leis féin: ‘Chaithfeadh sé gurb é seo an té a bheidh ina rí.’ Ach dúirt Iehova le Samúéil nárbh é. Dúirt Iehova: ‘Ní ar an taobh amuigh amháin a fhéachann mise, feicimse céard atá i gcroí an duine.’

Samúéil ag ungadh Dháiví

Thug Ieise seisear eile dá chlann mhac os comhair Shamúéil. Ach dúirt Samúéil: ‘Níl ceachtar acu seo roghnaithe ag Iehova. An bhfuil aon mhac eile agat?’ Dúirt Ieise: ‘Tá mac amháin eile agam, an buachaill is óige, Dáiví. Tá sé amuigh ag tabhairt aire do na caoirigh.’ Nuair a tháinig Dáiví isteach, dúirt Iehova le Samúéil: ‘Seo é an té atá roghnaithe!’ Dhoirt Samúéil ola ar cheann Dháiví, á ungadh le bheith mar rí ar Iosrael.

Góla

Tamall ina dhiaidh sin, bhí na hIosraeilítigh ag troid in aghaidh na bhFilistíneach. Bhí laoch ag na Filistínigh darbh ainm Góla. Bhí sé mar a bheadh fathach ann. Lá i ndiaidh lae, bhí Góla ag tabhairt dhúshlán na nIosraeilíteach. ‘Cuirigí fear chugam a throidfidh mé,’ a bhéic sé. ‘Má bhíonn an bua aige, beidh muidne mar sclábhaithe agaibhse. Ach má bhíonn an bua agamsa, beidh sibhse mar sclábhaithe againne.’

Chuaigh Dáiví go dtí campa arm na nIosraeilíteach chun bia a thabhairt chuig a chuid deartháireacha. Nuair a chuala sé an méid a dúirt Góla, dúirt sé: ‘Troidfidh mise é!’ Dúirt Rí Sól leis: ‘Ach níl ionat ach buachaill óg.’ D’fhreagair Dáiví: ‘Cabhróidh Iehova liom.’

Dúirt Sól le Dáiví a éide chatha féin a chur air, ach dúirt Dáiví leis: ‘Níl mé in ann troid leis an éide chatha seo orm.’ Fuair Dáiví a chrann tabhaill agus chuaigh sé go dtí an sruthán. Roghnaigh sé cúig chloch mhín agus chuir sé ina mhála iad. Ansin, rith Dáiví i dtreo Ghóla. ‘Gabh i leith anseo, a bhuachaillín beag,’ a dúirt Góla, ‘agus tabharfaidh mé do na héin agus do na hainmhithe le hithe thú.’ Ní raibh aon eagla ar Dháiví. Dúirt sé le Góla: ‘Tá tú ag teacht i m’aghaidhse le claíomh agus le sleá, ach tá mise ag teacht i d’aghaidhse in ainm Iehova. Ní linne atá sibh ag troid; tá sibh ag troid in aghaidh Dé. Feicfidh gach duine anseo go bhfuil Iehova níos cumhachtaí ná claíomh agus sleá. Tabharfaidh sé an bua dúinne.’

Chuir Dáiví cloch isteach ina chrann tabhaill, agus chaith sé í chomh maith is a bhí sé in ann. D’imigh an chloch le teannadh agus le cabhair Iehova, bádh i mbaithis Ghóla í. Thit Góla ar an talamh mín marbh. Ansin theith na Filistínigh lena n-anam. An bhfuil muinín agatsa as Iehova, mar a bhí ag Dáiví?

“Tá sé seo dodhéanta ag daoine ach níl ag Dia; óir tá an uile ní sodhéanta ag Dia.”—Marcas 10:27

Ceisteanna: Cé a roghnaigh Iehova le bheith mar rí ar Iosrael? Cén chaoi a bhfuair Dáiví an ceann is fearr ar Ghóla?

1 Samúéil 16:1-13; 17:1-54

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn