Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 45 lth. 110-lth. 111 alt 2
  • Roinntear an Ríocht Ina Dhá Chuid

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Roinntear an Ríocht Ina Dhá Chuid
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Tá an Ríocht Roinnte
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 45 lth. 110-lth. 111 alt 2
Stróiceann Aichíá a chóta agus déanann sé dhá phíosa dhéag de os comhair Iarobám

CEACHT 45

Roinntear an Ríocht Ina Dhá Chuid

Fad is a bhí Solamh ag adhradh Iehova, bhí síocháin in Iosrael. Ach phós Solamh mná ó thíortha eile. Bhíodh na mná seo ag adhradh na n-íol. De réir a chéile d’athraigh Solamh agus thosaigh sé féin ag adhradh na n-íol. Bhí fearg ar Iehova. Dúirt sé le Solamh: ‘Bainfidh mé ríocht Iosrael de do theaghlach agus déanfaidh mé dhá chuid di. Tabharfaidh mé an sciar is mó do dhuine de do shearbhóntaí, agus ní bheidh ag do theaghlachsa ach an sciar is lú.’

Mhínigh Iehova níos déanaí an chaoi a dtarlódh sé seo. Nuair a bhí searbhónta Sholaimh, Iarobám, ag taisteal ar an mbóthar casadh an fáidh Aichíá leis. Stróic sé a chóta agus rinne sé dhá phíosa dhéag de agus dúirt sé le hIarobám: ‘Tá Iehova chun ríocht Iosrael a bhaint de theaghlach Sholaimh agus dhá chuid a dhéanamh di. Beidh tusa i do rí ar dheich dtreibh, mar sin tóg 10 bpíosa den chóta.’ Chuala Rí Solamh faoi seo agus bhí sé ag iarraidh Iarobám a mharú! Ach theith Iarobám go dtí an Éigipt. In am tráth, fuair Solamh bás agus rinneadh rí dá mhac, Rachabám. Ansin bhí a fhios ag Iarobám go raibh sé sábháilte aige filleadh ar Iosrael.

Ofrálann go leor Iosraeilíteach íobairtí don lao óir a rinne Iarobám

Dúirt seanóirí Iosrael le Rachabám: ‘Má chaitheann tú go maith leis na daoine beidh siad dílis duit.’ Ach dúirt a chairde óga le Rachabám: ‘Caithfidh tú a bheith crua ar na daoine! Bain níos mó oibre astu!’ Lean Rachabám comhairle a chairde óga. Chaith sé go cruálach leis na daoine agus d’éirigh siad amach ina aghaidh. Cheap deich gcinn de na treibheanna Iarobám mar rí orthu féin agus tugadh ríocht Iosrael orthu. D’fhan an dá threibh eile dílis do Rachabám agus tugadh ríocht Iúdá orthusan. Bhí an ríocht roinnte ina dhá chuid.

Ní raibh Iarobám ag iarraidh go mbeadh a dhaoine ag dul go hIarúsailéim chun adhradh, mar bhí Iarúsailéim faoi cheannas ríocht Rachabám. An bhfuil a fhios agat cén fáth? Bhí eagla ar Iarobám go n-iompóidís ina aghaidh féin agus go dtacóidís le Rachabám. Mar sin rinne sé dhá lao óir agus dúirt sé leis na daoine: ‘Tá Iarúsailéim i bhfad ó bhaile. Is féidir libh adhradh anseo.’ Thosaigh na daoine ag adhradh an dá lao óir agus rinne siad dearmad ar Iehova arís.

“Ná téigí i bpáirtíocht éagothrom le díchreidmhigh. Cén pháirt atá ag an bhfíréantacht leis an urchóid? . . . Cén chuid atá ag an gcreidmheach leis an díchreidmheach?”—2 Corantaigh 6:14, 15

Ceisteanna: Cén fáth ar roinneadh Iosrael ina dhá chuid? Cé na drochrudaí a rinne Rí Rachabám agus Rí Iarobám?

1 Ríthe 11:1-13, 26-43; 12:1-33

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn