Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 80 lth. 188-lth. 189 alt 1
  • Roghnaíonn Íosa Dháréag Aspal

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Roghnaíonn Íosa Dháréag Aspal
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Múineann Íosa ar an Sliabh
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 80 lth. 188-lth. 189 alt 1
Íosa agus a dháréag aspal

CEACHT 80

Roghnaíonn Íosa Dháréag Aspal

Tar éis d’Íosa bliain go leith a chaitheamh ag craobhscaoileadh bhí cinneadh tábhachtach le déanamh aige. Cé acu dá dheisceabail a roghnódh sé le bheith mar aspail aige? Cé a roghnódh sé le ceannaireacht a thabhairt don phobal Críostaí? Theastaigh uaidh treoir a fháil ó Iehova chun na cinntí seo a dhéanamh. Mar sin chuaigh sé suas ar chnoc áit a raibh sé in ann a bheith ina aonar, agus chaith sé an oíche ag guí. Ar maidin, bhailigh sé a chuid deisceabail le chéile agus roghnaigh sé 12 aspal. An bhfuil tú in ann cuimhneamh ar chuid dá gcuid ainmneacha? Seo iad ainmneacha an dáréag aspal: Peadar, Aindrias, Séamas, Eoin, Pilib, Parthalán, Tomás, Matha, Séamas mac Alfáias, Tadáias, Síomón, agus Iúdás Isceiriót.

Aindrias, Peadar, Phillip, Séamas

Aindrias, Peadar, Phillip, Séamas

Bhíodh an Dáréag ag taisteal in éineacht le hÍosa. Tar éis dó oiliúint a chur orthu, cuireadh amach ag craobhscaoileadh leo féin iad. Chuir Iehova ar a gcumas na deamhain a dhíbirt agus daoine tinne a leigheas.

Eoin, Matha, Parthalán, Tomás

Eoin, Matha, Parthalán, Tomás

Thug Íosa ‘cairde’ ar an Dáréag, agus bhí muinín aige astu. Cheap na Fairisínigh nach raibh iontu ach gnáthdhaoine gan léann. Ach chuir Íosa oiliúint orthu chun go mbeidís in ann a gcuid oibre a dhéanamh. Bheidís in éineacht le hÍosa ag na hamanna ba thábhachtaí ina shaol, mar shampla roimh a bhás agus tar éis a aiséirí. Cosúil le hÍosa, ba as an nGailíl a bhformhór. Bhí cuid acu pósta.

Séamas mac Alfáias, Iúdás Isceiriót, Tadáias, Síomón

Séamas mac Alfáias, Iúdás Isceiriót, Tadáias, Síomón

B’fhir neamhfhoirfe a bhí sna haspail agus rinne siad botúin. Labhair siad uaireanta gan cuimhneamh orthu féin, agus rinne siad droch-chinntí. Is minic a bhí siad mífhoighneach. Bhídís ag argóint lena chéile faoi cé acu ba thábhachtaí fiú. Ach ba dhea-dhaoine a bhí iontu a raibh grá acu d’Iehova. Bheidís mar bhunchloch don phobal Críostaí nuair a bheadh Íosa imithe.

“Thug mé cairde oraibh, óir gach a gcuala ó m’Athair, chuir mé in iúl daoibh é.”—Eoin 15:15

Ceisteanna: Cérbh iad an 12 aspal? Cén obair a thug Íosa do na haspail?

Matha 10:1-10; Marcas 3:13-19; 10:35-40; Lúcás 6:12-16; Eoin 15:15; 20:24, 25; Gníomhartha 2:7; 4:13; 1 Corantaigh 9:5; Eifisigh 2:20-22

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn