Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 89 lth. 208-lth. 209 alt 1
  • Séanann Peadar Íosa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Séanann Peadar Íosa
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Cuirtear Íosa Chun Báis
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 89 lth. 208-lth. 209 alt 1
Séanann Peadar Íosa sa gclós tigh Cháiafas

CEACHT 89

Séanann Peadar Íosa

Nuair a bhí Íosa lena chuid aspail sa seomra in Iarúsailéim dúirt sé leo: ‘Tréigfidh sibh go léir anocht mé.’ Dúirt Peadar: ‘Ní thréigfidh mise thú! Fiú má thréigeann an chuid eile go léir thú, ní thréigfidh mise go brách thú.’ Dúirt Íosa le Peadar: ‘Sula nglaofaidh coileach anocht, séanfaidh tú mé trí huaire.’

Nuair a thug na saighdiúirí Íosa go dtí tigh Cháiafas, scaip an chuid is mó de na haspail. Ach lean beirt acu é i measc an tslua. Bhí Peadar ar dhuine acu. Chuaigh sé isteach sa gclós tigh Cháiafas agus théigh sé é féin ag an tine. Chonaic cailín aimsire Peadar faoi sholas na tine, agus dúirt sí: ‘Aithním thú! Bhí tú in éineacht le hÍosa!’

Dúirt Peadar: ‘Ní raibh mé! Níl a fhios agam céard atá tú ag rá!’ D’imigh sé agus thug sé aghaidh ar an ngeata. Ach ba ghearr go bhfaca cailín aimsire eile é agus dúirt sí leis an slua: ‘Bhí an fear seo in éineacht le hÍosa!’ Dúirt Peadar: ‘Níl aithne ar bith agam ar Íosa!’ Dúirt fear: ‘Is duine acu thú! Mar aithním ar do chanúint gur as an nGailíl thú, cosúil le hÍosa.’ Ach ansin dúirt Peadar agus é ag tabhairt na mionn: ‘Níl aithne ar bith agam air!’

Ghlaoigh coileach láithreach. Chonaic Peadar Íosa ag féachaint air. Chuimhnigh sé ar an méid a dúirt Íosa, agus chuaigh sé amach agus chaoin sé a dhóthain.

Idir an dá linn, tháinig an Sainidrín le chéile tigh Cháiafas chun Íosa a thabhairt os comhair cúirte. Bhí sé beartaithe acu Íosa a mharú, agus bhí siad ag iarraidh cúis éigin a fháil le cur ina leith. Ach ní raibh siad in ann. Ar deireadh, d’fhiafraigh Cáiafas d’Íosa: ‘An tú Mac Dé?’ Dúirt Íosa: ‘Is mé.’ Dúirt Cáiafas: ‘Ní theastaíonn níos mó fianaise uainn. Is diamhasla é seo!’ D’aontaigh an chúirt leis: ‘Tá an bás tuillte ag an bhfear seo.’ Chaith siad seile le hÍosa, chlúdaigh siad a shúile agus bhuail siad é, ag rá: ‘Más fáidh thú, inis dúinn cé a bhuail thú.’

Thug siad Íosa chuig an Sainidrín go moch ar maidin, agus d’fhiafraigh siad arís de: ‘An tú Mac Dé?’ D’fhreagair Íosa: ‘Tá sibh féin ag rá gur mé.’ Ansin fuair siad ciontach i ndiamhasla é agus thug siad go dtí pálás an ghobharnóra Rómhánaigh, Pointias Pioláit, é. Céard a tharla ansin? Gheobhaidh muid amach sa gcéad scéal eile.

“Féach, tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, nuair a scaipfear sibh, gach duine chun a bhaile féin, agus fágfaidh sibh mise i m’aonar. Ach nílim i m’aonar, de bhrí go bhfuil an tAthair faram.”—Eoin 16:32

Ceisteanna: Céard a tharla sa gclós tigh Cháiafas? Cén fáth ar daoradh Íosa chun báis?

Matha 26:31-35, 57–27:2; Marcas 14:27-31, 53–15:1; Lúcás 22:55-71; Eoin 13:36-38; 18:15-18, 25-28

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn