Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 101
  • Cuirtear Íosa Chun Báis

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cuirtear Íosa Chun Báis
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Faigheann Íosa Bás ag Golgotá
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 101

SCÉAL 101

Cuirtear Íosa Chun Báis

FÉACH ar an rud uafásach atá ag tárlú! Tá Íosa á chuir chun báis. Tá sé curtha ar chuaille acu. Cuireadh táirní ina lámha agus ina chosa. Cén fáth a ndéanfadh éinne é seo le hÍosa?

Mar go bhfuil fuath ag daoine áirithe d’Íosa. An bhfuil fhios agat cé hiad féin? Duine acu is ea an drochaingeal Sátan an Deabhal. Eisean a chuir ar Ádhamh agus Éabha a bheith easumbal do Iehobhah. Agus ba é Sátan a chuir ar náimhde Íosa an choir uafásach seo a dhéanamh.

Fiú sular cuireadh Íosa ar an gcuaille, rinne a náimhde rudaí gránna air. An cuimhin leat an chaoi ar thug siad leo as an ngáirdín é? Cérbh iad na náimhde sin? Sea, ba iad na ceannairí reiligiúnacha iad. Céard é an chéad rud eile a thárlaíonn?

Nuair a thógann na ceannairí reiligiúnacha Íosa teitheann a aspail. Fágann siad Íosa ina aonar lena náimhde, mar tá faitíos orthu. Ach leanann na haspail Peadar agus Eoin Íosa go bhfeicfidh siad céard a thárlóidh dó.

Tugann na sagairt Íosa go dtí an seanfhear Annas a bhíodh ina árd shagart. Ní fhanann an slua anseo i bhfad. Anois tugann siad Íosa go dtí teach Cha’ia·fas, atá anois ina árd shagart. Tá a lán ceannairí reiligiúnacha cruinnithe ina theach.

Anseo ag teach Cha’ia·fas bíonn cúirt acu. Tugtar isteach daoine chun bréaga a inseacht faoi Íosa. Deireann na ceannairí reiligiúnacha ar fad: ‘Ba cheart é a mharú.’ Caitheann siad seile ina éadan agus buaileann siad lena ndóirne é.

Le linn dó seo a bheith ag tárlú, tá Peadar amuigh sa gclós. Mar go bhfuil an oíche fuar, lasann na daoine tine. Le linn dóibh bheith á dtéamh féin, deireann cailín aimsire le Peadar: ‘Bhí tusa in éineacht le hÍosa freisin.’

’Ní raibh mé!’ freagraíonn Peadar.

Trí huaire deireann daoine le Peadar go raibh sé in éineacht le hÍosa. Ach gach uair deireann Peadar nach raibh. An tríú huair iompaíonn Íosa agus féachann sé ar Pheadar. Bíonn an-bhrón ar Pheadar faoí na bréaga seo a inseacht. Téann sé amach ag gol.

Le héirí na gréine ar maidin Dé hAoine, tugann na sagairt Íosa go dtí halla cruinnithe an tSeanaid. Anseo socraíonn siad céard atá siad chun a dhéanamh leis. Tugann siad go dtí Pointias Píoláid é, rialtóir cheantar Iúdáia.

’Is drochdhuine é seo,’ deireann na sagairt le Píoláid. ‘Ba cheart é a mharú.’ Tar éis Íosa a cheistiú deireann Píoláid: ‘Ní fheicim go bhfuil aon olc déanta aige.’ Ansin cuireann sé Íosa go dtí Héaród Antipas, rialtóir Ghaililí, a chónaíonn i Iarusailéim. Ní fheiceann Héaród go bhfuil aon olc déanta ag Íosa ach oiread, agus cuireann sé ar ais go dtí Píoláid é.

Ba mhaith le Píoláid Íosa a shaoradh. Ach tá náimhde Íosa ag iarraidh go saorfaí príosúnach eile ina áit. Siúd é an gadai Ba·rab’as. Bíonn sé thart ar mheán lae nuair a thugann Píoláid Íosa amach. Deireann sé leis na daoine: ‘Féach! Bhur rí!’ Ach béiceann uachtaráin na sagart: ‘Maraigh é!’ Mar sin saorann Píoláid Ba·rab’as, agus tugann siad Íosa leo chun é a mharú.

Go luath tráthnóna Dé hAoine crochtar Íosa ar chuaille le táirní. Ar an dá thaobh d’Íosa cuirtear coirpeach chun báis freisin. Go gairid sula bhfaigheann Íosa bás deireann duine de na coirpigh leis: ‘Cuimhnigh ormsa nuair a rachaidh tú isteach i do ríocht.’ Agus freagraíonn Íosa: ‘Geallaim duit go mbéidh tú liom i bPárthas.’

An bhfuil fhios agat cén párthas atá i gceist ag Íosa? Cá raibh an párthas a chruthaigh Dia ag an tús? Sea, anseo ar an talamh. Nuair a rialóidh Íosa mar rí sna flaithis, tógfaidh sé an fear seo ón mbás chun taitneamh a bhaint as an bPárthas nua seo ar an talamh. Nach féidir linn a bheith áthasach faoi sin?

Matha 26:57-75; 27:1-50; Lúcás 22:54-71; 23:1-49; Eoin 18:12-40; 19:1-30.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn