Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 90 lth. 210
  • Faigheann Íosa Bás ag Golgotá

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Faigheann Íosa Bás ag Golgotá
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Cuirtear Íosa Chun Báis
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 90 lth. 210
Íosa crochta ar chuaille, agus oifigeach airm agus roinnt dá chuid deisceabail in aice láimhe, Muire agus Eoin ina measc

CEACHT 90

Faigheann Íosa Bás ag Golgotá

Thug na hardsagairt Íosa go dtí pálás an ghobharnóra. D’fhiafraigh Pioláit díobh: ‘Cén chúis atá sibh a chur i leith an fhir seo?’ Dúirt siad: ‘Tá sé ag rá gur rí é!’ D’fhiafraigh Pioláit d’Íosa: “An tusa Rí na nGiúdach?” D’fhreagair Íosa: “Ní den saol seo mo Ríocht.”

Ansin chuir Pioláit Íosa go dtí Héaród, rialtóir na Gailíle, chun go bhfeicfeadh sé an mbeadh seisean in ann cúis éigin a chur ina leith. Ní raibh Héaród in ann aon chúis a chur i leith Íosa agus chuir sé ar ais go dtí Pioláit é. Ansin dúirt Pioláit leis na daoine: ‘Níl mise ná Héaród in ann aon chúis a chur i leith an fhir seo. Ligfidh mé saor é.’ Bhéic an slua: ‘Maraigh é! Maraigh é!’ Lasc na saighdiúirí Íosa le fuip, chaith siad seile leis agus bhuail siad é. Chuir siad coróin dheilgneach ar a cheann agus thosaigh siad ag magadh faoi, ag rá: ‘Mora duit, a Rí na nGiúdach.’ Dúirt Pioláit leis an slua arís: ‘Níl mé in ann dada a chur i leith an fhir seo.’ Ach bhéic siad: ‘Cuir chun báis ar chuaille é!’ Mar sin thug Pioláit Íosa ar lámh do na saighdiúirí chun é a chur chun báis.

Thug na saighdiúirí Íosa go dtí an áit ar a dtugtar Golgotá, thairneáil siad ar chuaille é, agus d’ardaigh siad suas an cuaille. Ghuigh Íosa: ‘A Athair, maith dóibh é, mar níl a fhios acu céard atá siad a dhéanamh.’ Bhí daoine ag magadh faoi Íosa ag rá: ‘Más tú Mac Dé, tar anuas den chuaille! Sábháil thú féin.’

Dúirt duine de na coirpigh a bhí crochta le taobh Íosa: “Cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do Ríochta!” Gheall Íosa dó: ‘Beidh tú liom i bParthas.’ Le teacht an tráthnóna, tháinig dorchadas ar an talamh go léir ar feadh trí huaire an chloig. Bhí cuid de na deisceabail ina seasamh in aice an chuaille. Bhí Muire, máthair Íosa, ina measc. Dúirt Íosa le hEoin aire a thabhairt do Mhuire, amhlaidh is dá mba í a mháthair féin í.

Sa deireadh, dúirt Íosa: “Tá sé curtha i gcrích.” Chrom sé a chloigeann agus tharraing sé a anáil dheireanach. Ag an bpointe sin bhí crith talún ann. Stróiceadh ina dhá leith an cuirtín a bhí crochta idir an Áit Naofa agus an Áit Shárnaofa sa teampall. Dúirt oifigeach de chuid an airm: ‘Go dearfa, ba é seo Mac Dé.’

“Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha.”—Eoin 14:6

Ceisteanna: Cén fáth ar cheadaigh Pioláit Íosa a mharú? Cén chaoi ar léirigh Íosa go raibh cion aige ar dhaoine?

Matha 27:11-14, 22-31, 38-56; Marcas 15:2-5, 12-18, 25, 29-33, 37-39; Lúcás 23:1-25, 32-49; Eoin 18:28–19:30

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn