Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 92 lth. 214-lth. 215 alt 1
  • Taispeánann Íosa é Féin do na hIascairí

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Taispeánann Íosa é Féin do na hIascairí
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 92 lth. 214-lth. 215 alt 1
Labhraíonn Íosa lena chuid deisceabail agus an t-iasc á róstadh ar an tine

CEACHT 92

Taispeánann Íosa é Féin do na hIascairí

Tamall tar éis d’Íosa é féin a thaispeáint do na haspail, chuaigh Peadar go dtí Muir na Gailíle le dul ag iascach. Chuaigh Tomás, Séamas, Eoin, agus cuid eile de na haspail in éineacht leis. Bhí siad ag iascach ar feadh na hoíche ach ní bhfuair siad aon iasc.

Go luath ar maidin, chonaic siad fear ina sheasamh ar an gcladach. Ghlaoigh sé orthu agus dúirt: ‘An bhfuair sibh aon iasc?’ Dúirt siad leis: ‘Ní bhfuair!’ Dúirt an fear leo: “Cuirigí amach an eangach ar dheis na loinge.” Nuair a rinne siad é sin, líon an eangach agus bhí an oiread sin éisc inti nach raibh siad in ann í a tharraingt isteach sa mbád. Thuig Eoin ansin gurbh é Íosa a bhí ann agus dúirt sé: “Is é an Tiarna é.” Nuair a chuala Peadar é sin, chaith sé amach as an mbád é féin agus shnámh sé go cladach. Lean na deisceabail eile sa mbád é.

Nuair a tháinig siad i dtír chonaic siad go raibh tine lasta agus iasc agus arán á réiteach air. D’iarr Íosa orthu cuid dá gcuid éisc a thabhairt leo le cur leis an mbéile. Ansin dúirt sé: ‘Tar agus bíodh bricfeasta agaibh.’

Sroicheann Peadar an cladach, áit a bhfuil Íosa, agus leanann an chuid eile de na haspail sa mbád é

Tar éis dóibh an bricfeasta a chríochnú, chuir Íosa ceist ar Pheadar: ‘An bhfuil níos mó cion agat ormsa ná mar atá agat ar an iascaireacht?’ Dúirt Peadar: ‘Tá, a Thiarna, tá a fhios agat go bhfuil.’ Dúirt Íosa: ‘Má tá, beathaigh mo chuid uan.’ D’fhiafraigh Íosa arís: ‘A Pheadair, an bhfuil cion agat orm?’ D’fhreagair Peadar: ‘A Thiarna, tá a fhios agat go bhfuil.’ Dúirt Íosa: “Déan aoireacht ar mo chaoirigh.” Chuir Íosa an cheist chéanna arís den tríú huair. Tháinig brón ar Pheadar agus dúirt sé: ‘A Thiarna, tá a fhios agatsa gach ní. Tá a fhios agat go bhfuil cion agam ort.’ Dúirt Íosa: “Cothaigh mo chaoirigh.” Ansin dúirt sé le Peadar: “Lean mise.”

“Labhair [Íosa] leo: ‘Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.’ D’fhág siad na líonta láithreach agus lean siad é.”—Matha 4:19, 20

Ceisteanna: Cén mhíorúilt a rinne Íosa do na hiascairí? Meas tú cén fáth ar fhiafraigh Íosa trí huaire de Pheadar: “An bhfuil cion agat orm?”

Eoin 21:1-19, 25; Gníomhartha 1:1-3

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn