Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 93 lth. 216-lth. 217 alt 5
  • Filleann Íosa ar na Flaithis

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Filleann Íosa ar na Flaithis
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Ar Chnoc na nOlóg
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Íosa ag Fógairt Dhea-Scéal na Ríochta
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Tá Íosa Beo!
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
  • “Beidh Sibh in Bhur bhFinnéithe Ormsa”
    “Bearing Thorough Witness” About God’s Kingdom
Tuilleadh
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 93 lth. 216-lth. 217 alt 5
Jesus ascends into the sky as his apostles look on

CEACHT 93

Filleann Íosa ar na Flaithis

Chas Íosa lena lucht leanúna sa nGailíl. Thug sé ordú an-tábhachtach dóibh: ‘Téigí agus déanaigí deisceabail de dhaoine as gach náisiún. Múinigí dóibh na nithe a mhúin mise daoibhse, agus baist iad.’ Ansin gheall sé dóibh: ‘Cuimhnígí go mbeidh mé in éineacht libh i gcónaí.’

Ar feadh na 40 lá tar éis a aiséirí, thaispeáin Íosa é féin do na céadta dá chuid deisceabal, sa nGailíl agus in Iarúsailéim. Mhúin sé ceachtanna tábhachtacha dóibh agus rinne sé go leor míorúiltí. Ansin chas Íosa lena chuid deisceabal den uair dheireanach ar Chnoc na nOlóg. Dúirt sé leo: ‘Ná fágaigí Iarúsailéim. Fanaigí ann nó go gcomhlíonfar an gealltanas úd, ar chuala sibh mé ag cur síos air.’

Níor thuig na haspail céard a bhí i gceist aige. D’fhiafraigh siad: ‘An mbeidh tú i do Rí ar Iosrael anois?’ Dúirt Íosa: ‘Ní hé seo an t-am atá leagtha síos ag Iehova dom le bheith i mo Rí. Ach go gairid, gheobhaidh sibh cumhacht ón spiorad naomh, agus beidh sibh mar fhinnéithe agam. Téigí agus craobhscaoiligí in Iarúsailéim, in Iúdáia, sa tSamáir, agus ar fud an domhain mhóir.’

Ansin tógadh Íosa suas sa spéir uatha agus thóg scamall as a n-amharc é. D’fhan a chuid deisceabal ag breathnú suas sa spéir, ach bhí sé imithe.

D’fhág na deisceabail Cnoc na nOlóg agus chuaigh siad go hIarúsailéim. Chruinnigh siad le chéile go rialta i seomra uachtarach chun guí. Bhí siad ag fanacht go dtabharfadh Íosa tuilleadh treorach dóibh.

“Fógrófar an dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne go léir mar fhianaise do na náisiúin uile, agus is ansin a thiocfaidh an deireadh.”—Matha 24:14

Ceisteanna: Cén t-ordú a thug Íosa dá chuid deisceabal? Céard a tharla ar Chnoc na nOlóg?

Matha 28:16-20; Lúcás 24:49-53; Eoin 20:30, 31; Gníomhartha 1:2-14; 1 Corantaigh 15:3-6

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn