Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 98
  • Ar Chnoc na nOlóg

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Ar Chnoc na nOlóg
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Filleann Íosa ar na Flaithis
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Íosa ins na Flaithis
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Cé hÉ Íosa Críost?
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • Tagann Íosa Mar Rí
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Tuilleadh
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 98

SCÉAL 98

Ar Chnoc na nOlóg

SEO é Íosa ar Chnoc na nOlóg. Is iad a aspail an ceathrar atá in éineacht leis. Is iadsan na deartháireacha Aindrias agus Peadar, agus freisin na deartháireacha Séamus agus Eoin. Sin é teampall Dé i Iarusailéim a fheiceann tú uait.

Tá sé dhá lá ó chuaigh Íosa isteach go Iarusailéim ar an asal. Dé Máirt atá ann. Níos túisce sa lá, sa teampall, thriáil na sagairt breith ar Íosa chun é a mharú. Ach bhí faitíos orthu é seo a dhéanamh mar go dtaitníonn Íosa leis na daoine.

’A nathracha agus a mhic nathracha,’ a thug Íosa ar na ceannairí reiligiúnacha sin. Dúirt Íosa go gcuirfeadh Dia píonós orthu faoin olc ar fad a rinne siad. Ansin tháinig Íosa aníos go dtí Cnoc na nOlóg, agus thosaigh an ceathrar aspail seo á cheistiú. An bhfuil fhios agat céard atá siad a fhiafradh d’Íosa?

Tá na haspail ag fiafradh faoi rudaí atá le teacht. Tá fhios acu go gcuirdidh Íosa deireadh le gach olc ar an talamh. Ach tá siad ag iarraidh fáil amach cén uair a thárlóidh sé seo. Cén uair a thiocfaidh Íosa arís chun rialadh mar Rí?

Tá fhios ag Íosa nach mbéidh a lucht leanúna ar an talamh in ann é a fheiceáil nuair a thiocfaidh sé arís. Sé is cúis leis seo ná go mbéidh sé ar neamh. Mar sin insíonn Íosa dá chuid aspail faoi chuid de na rudaí a bhéidh ag tárladh ar an talamh nuair a bhéidh seisean ag rialadh ar neamh. Céard iad na rudaí seo?

Deireann Íosa go mbéidh cogaí móra ann, béidh a lán daoine tinn agus ocrach, béidh an choirpeacht go dona agus béidh creathanna móra talún ann. Deireann Íosa freisin go gcraobhscaoilfear deá scéala na ríochta ar fud an domhain. Mar go bhfaca muide na rudaí seo ag tárladh is féidir linn a bheith cinnte go bhfuil Íosa ag rialadh ar neamh. Go luath cuirdidh sé deireadh le gach olc ar an talamh.

Matha 21:46; 23:1-39; 24:1-14; Marcas 13:3-10.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn