SCÉAL 104
Íosa ins na Flaithis
LE IMEACHT laethanta, taispeáineann Íosa é féin dá lucht leanúna go minic. Uair amháin feiceann thart ar 500 dá dheisceabail é. Nuair a thaispeáineann sé é féin dóibh an bhfuil fhios agat cé faoi a labhraíonn sé leo? Ríocht Dé. Chuir Iehobhah Íosa ar an talamh chun múineadh faoin Ríocht. Agus leanann sé air á dhéanamh seo fiú tar éis dó éirí ó mhairbh.
An cuimhin leat céard é ríocht Dé? Sea, is fíor-rialtas ó Dhia ins na flaithis é an Ríocht, agus is é Íosa an Té a roghnaigh Dia mar rí. Mar a d’fhoghlaim muid, thaispeáin Íosa gur íontach an rí a bhéidh ann tré daoine ocrach a bheathú, daoine tinne a leigheas, agus fiú na mairbh a thógáil ón mbás!
Nuair a rialóidh Íosa mar rí ins na flaithis ar feadh míle bliain, cén chaoi a mbéidh rudaí ar an talamh? Sea, déanfar párthas álainn den domhan ar fad. Ní bhéidh níos mó cogaí ann, ná coirpeacht, ná tinneas, ná fiú an bás. Tá fhios againn go bhfuil sé seo fíor mar go ndearna Dia an domhan le bheith ina phárthas a mbainfeadh daoine taitneamh as. Sin é an fáth go ndearna sé gáirdín Eden ag an tús. Féachfaidh Íosa chuige go ndéanfar an rud a theastaíonn ó Dhia a thabhairt chun críche ar deireadh thiar.
Bíonn Íosa á thaispeáint féin dá dheisceabail ar feadh 40 lá. Mar sin tá siad cinnte go bhfuil sé beo arís. Sula bhfágann sé iad, deireann sé leo: ‘Fanaigí i Iarusailéim go dtí go bhfaighfidh sibh an spiorad naofa.’ Séard é an spiorad naofa ná fórsa gníomhach Dé, a chabhróidh lena lucht leanúna toil Dé a dhéanamh. Deireann Íosa: ‘Teagascaigí fúm ó cheann ceann na talún.’
Ansin tosaíonn Íosa ag dul suas chuig na flaithis. Tógann néal as amharc é, agus ní fheiceann a dheisceabail arís é. Téann Íosa go dtí na flaithis agu tosaíonn sé ag rialú a lucht leanúna ar an talamh ón áit sin.