SCÉAL 97
Tagann Íosa Mar Rí
GO GAIRID tar éis dó na fir déirce a leigheas, tagann Íosa go dtí baile beag Bheatáine. Deireann sé le beirt dá dheisceabail: ‘Téigí isteach sa tsráidbhaile, áit a bhfaighfidh sibh asal óg. Scaoiligí é agus tugaigí chugam é.’
Ansin téann Íosa go Iarusailéim ar dhroim an asail. Nuair a thagann sé i ngar don chathair, tagann slua mór amach chun bualadh leis. Baineann a lán acu díobh a gcótaí agus cuireann ar an mbóthar iad. Gearrann cuid eile acu craobhacha pailme. Curieann siad iad seo ar an mbóthar freisin agus béiceann siad: ‘Go mbeannaí Dia an rí a thagann in ainm Iehobhah!’
Fadó in Iosrael thagadh ríthe nua isteach go Iarusailéim ar asal chun iad féin a thaispeáint do na daoine. Seo é atá Íosa a dhéanamh. Tá na daoine seo ag taispeáint go dteastaíonn uatha Íosa a bheith mar rí acu. Ach níl gach duine á iarraidh, mar a fheicfimid nuair a théann Íosa chuig an teampall.
Nuair a fheiceann na páistí Íosa ag leigheas daoine sa teampall, molann siad go hárd é. Cuireann sé seo fearg ar na sagairt, agus deireann siad le hÍosa: ‘An gcloiseann tú an rud atá na páistí a rá?’
‘Cloisim,’ freagraíonn Íosa. ‘Nár léigh sibh riamh sa mBíobla an áit a deireann: “As béil páistí tabharfaidh Dia moladh?”’ Mar sin leanann na páistí orthu ag moladh rí Dé.
Nár mhian linne a bheith ar nós na bpáistí sin? B’fhéidir go dtriáilfeadh roinnt daoine muid a stopadh ó bheith ag caint faoi ríocht Dé. Ach leanfaimid ar aghaidh ag inseacht do dhaoine faoi na rudaí íontacha a dhéanfaidh Íosa do dhaoine.
Níorbh é am Íosa é le tosnú ag rialadh mar rí nuair a bhí sé ar an talamh. Cén uair a thiocfaidh an t-am sin? Tá deisceabail Íosa fiosrach faoi seo. Léifimid faoi seo anois.