SCÉAL 96
Leigheastar Daoine Tinne
LE LINN dó a bheith ag taisteal tríd an tír, tugtar daoine dalla, daoine bodhra, cláiríní agus daoine tinne eile chuig Íosa. Leigheasann sé iad ar fad.
Tá ós cionn trí bliana caite anois ó bhaist Eoin Íosa. Agus insíonn Íosa dá chuid aspail go rachaidh sé suas go Iarusailéim go gairid, áit a marófar é, agus a n-éireoidh sé ón mbás. Idir an dá linn, leanann Íosa ag leigheas na n-easláin.
Lá amháin bíonn Íosa ag múineadh ar an tSabóid. Is lá saoire í an tSabóid ag na Giúdaigh. Bhí an bhean a fheiceann tú anseo an-tinn. Bhí sí cromtha síos ar feadh ocht mbliana déag. Cuireann Íosa a lámha uirthí agus seasann sí suas. Tá sí leigheasta!
Cuireann sé seo fearg ar na ceannairí reiliúnacha. ‘Tá sé lá oibre ann,’ béiceann duine acu ar an slua. ‘Sin iad na laetha le teacht chun leigheas a fháil, ní ar an tSabóid!’
Ach freagríonn Íosa: ‘Thabharfadh duine ar bith agaibh a asal amach chun deoch a ól ar an tSabóid. Mar sin nár cheart an bhean bhocht seo a leigheas ar an tSabóid?’ Cuireann freagra Íosa náire ar na drochfhir seo.
Téann Íosa agus a aspail i dtreo Iarusailéim. Nuair a bhíonn siad taobh amuigh de Iericho béiceann beirt fhear déirce atá dall: ‘A Íosa, cabhraigh linn!’
Fiafraíonn Íosa den bheirt dall: ‘Céard ba mhain libh go ndéanfainn daoibh?’ Deireann siad: ‘A Thiarna, go n-osclaítear ár súile.’ Leagann Íosa a mhéir ar a gcuid súile, agus ar an bpoinnte bíonn siad in ann feiceáil! Déanann Íosa na míorúiltí seo mar tá grá aige do dhaoine agus ba mhian leis go gcreidfeadh siad ann. Nuair a rialóidh sé mar rí, is féidir linn a bheith cinnte nach mbéidh éinne tinn go deo arís.