Réamhrá Cuid 14
Scaip na chéad Chríostaithe dea-scéal na Ríochta ar fud na cruinne. Thug Íosa treoir maidir leis na háiteanna a raibh an craobhscaoileadh le déanamh iontu, agus chuir sé ar a gcumas teangacha éagsúla a labhairt. Spreag Iehova iad agus thug sé misneach dóibh le go seasaidís an fód in aghaidh na géarleanúna.
Thug Íosa fís don aspal Eoin ina bhfaca sé glóir Iehova. I bhfís eile, chonaic sé Ríocht na bhflaitheas ag fáil an cheann is fearr ar Shátan agus ag cur deireadh lena thiarnas go deo. Chonaic Eoin Íosa ag rialú mar Rí agus 144,000 eile ag rialú in éineacht leis. Chomh maith leis sin, chonaic sé parthas á dhéanamh den talamh, agus gach duine ag adhradh Iehova go síochánta le chéile.