Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 102 lth. 236-lth. 237 alt 2
  • Na Físeanna a Taispeánadh d’Eoin

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Na Físeanna a Taispeánadh d’Eoin
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Céard í Ríocht Dé?
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • Déantar Parthas den Talamh Arís!
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 102 lth. 236-lth. 237 alt 2
Scríobhann an t-aspal Eoin leabhar an Apacailipsis

CEACHT 102

Na Físeanna a Taispeánadh d’Eoin

Nuair a bhí an t-aspal Eoin ina phríosúnach ar oileán Phatmos thaispeáin Íosa sraith físeanna dó faoi eachtraí nach raibh tarlaithe fós, 16 acu ar fad. Bhain na físeanna le naomhú ainm Dé, teacht na Ríochta, agus cuspóir Dé don talamh.

I gceann de na físeanna chonaic Eoin Iehova ina shuí ar a ríchathaoir sna flaithis agus 24 seanóir ina thimpeall, gléasta in éadaí geala agus coróin óir ar a gceann. Bhí lasracha agus glór toirní ag teacht ón ríchathaoir. Umhlaíonn an 24 seanóir síos os comhair Iehova agus adhrann siad é. I bhfís eile feiceann Eoin slua mór ó gach náisiún, pobal, agus teanga ag adhradh Iehova. Tá an tUan, sé sin Íosa, á dtreorú agus á dtabhairt go dtí uisce na beatha. Níos déanaí, i bhfís eile, tosaíonn Íosa ag rialú mar Rí sna flaithis, in éineacht leis an 24 seanóir. Sa gcéad fhís eile, feiceann Eoin Íosa agus é ag cur cogaidh ar an dragan, sé sin Sátan, agus a chuid deamhain. Caitheann Íosa amach as na flaithis iad, síos go dtí an talamh.

Íosa agus an 144,000 ar Chnoc Shíón

Ansin feiceann Eoin radharc álainn den Uan agus den 144,000 ina seasamh ar Chnoc Shíón. Chomh maith leis sin, feiceann sé aingeal ag eitilt ar fud an domhain ag fógairt ar na daoine eagla Dé a bheith orthu agus glóir a thabhairt do Dhia.

Sa gcéad fhís eile, tá cogadh Harmagadón á throid. Le linn an chogaidh sin, cuireann Íosa agus a arm Sátan agus a lucht leanúna faoi chois. Sa bhfís dheireanach, feiceann Eoin go bhfuil síocháin agus suaimhneas ar neamh agus ar talamh. Tá Sátan agus a shliocht go léir scriosta. Tá ardmheas ag gach duine ar neamh agus ar talamh ar ainm naofa Iehova agus is dósan amháin a thugann siad adhradh.

“Cuirfidh mé naimhdeas idir tú agus an bhean, idir do shíolsa agus a síolsa. Brúfaidh sé do cheann agus brúfaidh tusa a sháil.”—Geineasas 3:15

Ceisteanna: Cé mhéad fís a taispeánadh d’Eoin? Céard a dhéanfaidh Íosa le linn chogadh Harmagadón?

Apacailipsis 1:1-3; 4:1-11; 7:4, 9-17; 11:15-18; 12:5-12; 14:1, 6, 7; 16:14, 16; 21:5

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn