Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 103 lth. 238-lth. 239 alt 2
  • “Go dTaga do Ríocht”

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • “Go dTaga do Ríocht”
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Cén Cuspóir Atá ag Dia don Talamh?
    Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne?
  • Cén Cuspóir Atá ag Dia Don Duine?
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • Tosaíonn Saol Crua
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Cén Cuspóir Atá ag Dia don Domhan?
    Dea-scéala Ó Dhia!
Tuilleadh
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 103 lth. 238-lth. 239 alt 2
Daoine fásta agus páistí ag baint suilt as an saol i bParthas

CEACHT 103

“Go dTaga do Ríocht”

Gheall Iehova: ‘Ní bheidh caoineadh, pian, tinneas, ná bás ann níos mó. Glanfaidh mé gach deoir óna súile. Déanfar dearmad ar na drochrudaí go léir a tharla.’

Chuir Iehova Ádhamh agus Éabha i ngairdín Éidin chun go mairfidís go sona sásta. Bhí siad ceaptha a nAthair ar neamh, Iehova, a adhradh agus an domhan a líonadh lena gclann. Cé go raibh Ádhamh agus Éabha easumhal, níor athraigh Iehova a chuspóir riamh. Tá sé feicthe againn ón leabhar seo go dtagann gach rud a gheall Iehova fíor. Déanfaidh Ríocht Dé rudaí iontacha anseo ar an talamh, díreach mar a gheall Iehova d’Abrahám.

Daoine fásta, páistí, agus ainmhithe fiáine le chéile i bParthas

Is gearr go mbeidh Sátan agus a chuid deamhain agus na drochdhaoine go léir imithe. Beidh gach a mbeidh beo ag adhradh Iehova. Ní bheidh tinneas ná bás ann. Dúiseoidh muid gach lá i mbarr na sláinte agus bainfidh muid aoibhneas as an saol. Déanfar parthas den talamh. Beidh neart le hithe ann, agus togha na dtithe. Beidh na daoine cineálta, ní bheidh siad cruálach ná foréigneach. Ní bheidh faitíos ar na hainmhithe fiáine romhainne, agus ní bheidh faitíos orainne rompu.

Is mór an t-údar áthais a bheidh againn nuair a thosóidh Iehova ag tógáil daoine ó mhairbh. Beidh muid in ann fáilte a chur roimh dhaoine a mhair san am a caitheadh. Daoine ar nós Áibil, Naoi, Abrahám, Sárá, Maois, Rút, Eistir, agus Dáiví. Cabhróidh siad linn parthas a dhéanamh den talamh.

Tá Iehova ag iarraidh go mbeidh tú ann. Beidh deis agat fíor-aithne a chur air sa bParthas. Mar sin, ní mór dúinn ár gcairdeas leis a neartú gach lá, anois agus ar feadh na síoraíochta.

“A Thiarna agus a Dhia linn, is fiú thú glóir agus onóir agus cumhacht a fháil, óir is tú a chruthaigh an uile ní agus is trí do thoil a tháinig siad ann agus a cruthaíodh iad.”—Apacailipsis 4:11

Ceisteanna: Cé na hathruithe a thiocfaidh ar an saol nuair a bheidh Ríocht Dé ag rialú? Cé acu de na daoine a bhfuil cur síos déanta orthu sa leabhar seo ar mhaith leat aithne a chur orthu i bParthas?

Apacailipsis 21:3, 4; Iób 33:25; Seanfhocail 2:21, 22; Íseáia 11:2-10; 33:24; 65:21; Matha 6:9, 10; Eoin 5:28, 29; 17:3

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn