Ceacht 5
Cén Cuspóir Atá ag Dia don Talamh?
Cén fáth ar chruthaigh Iehova an talamh? (1, 2)
Cén fáth nach bhfuil an domhan ina pharthas anois? (3)
Céard a tharlóidh do dhrochdhaoine? (4)
Amach anseo, céard a dhéanfaidh Íosa don té atá tinn? don aosach? do na mairbh? (5, 6)
Le bheith páirteach sna beannachtaí atá le teacht, céard is gá duitse a dhéanamh? (7)
1. Chruthaigh Iehova an talamh seo chun go mbainfeadh daoine taitneamh as maireachtáil air ar feadh na síoraíochta. Theastaigh uaidh go mbeadh cónaí ar an talamh go deo ag daoine a bheadh fíréanta agus sona. (Salm 115:16; Íseáia 45:18) Ní scriosfar an talamh choíche; seasfaidh sé go brách.—Salm 104:5; Cóheilit 1:4.
2. Sula ndearna Dia an duine, roghnaigh Sé píosa beag amháin den talamh agus rinne sé parthas álainn de. Thug sé gairdín Éidin mar ainm air. Anseo a chuir sé an chéad fhear agus an chéad bhean, Ádhamh agus Éabha. Is é an cuspóir a bhí ag Dia ná go mbeadh páistí acu agus go líonfaidís an talamh go léir. De réir a chéile dhéanfaidís parthas den talamh ar fad.—Geineasas 1:28; 2:8, 15.
3. Pheacaigh Ádhamh agus Éabha trí dhlí Dé a bhriseadh d’aon turas. Mar sin chuir Iehova amach as gairdín Éidin iad. Bhí parthas caillte acu. (Geineasas 3:1-6, 23) Ach níl dearmad déanta ag Iehova ar an gcuspóir a bhí aige don talamh seo. Geallann sé go ndéanfaidh sé parthas de ina mairfidh daoine go deo. Cén chaoi a ndéanfaidh sé é seo?—Salm 37:29.
4. Sular féidir parthas a dhéanamh den talamh seo, caithfear fáil réidh le drochdhaoine. (Salm 37:38) Tarlóidh sé seo ag Ármagedón, sin é cogadh Dé a chuirfidh deireadh le gach olc. Ansin cuirfear príosún 1,000 bliain ar Shátan. Leis sin ní bheidh aon drochdhaoine fágtha leis an talamh a mhilleadh. Ní thiocfaidh slán ach pobal Dé.—Taispeáint 16:14, 16; 20:1-3.
5. Ansin rialóidh Íosa Críost mar Rí os cionn an talaimh seo ar feadh 1,000 bliain. (Taispeáint 20:6) De réir a chéile tabharfaidh sé chun bealaigh an peaca ónár n-intinn agus ónár gcolainn. Beidh muid inár ndaoine foirfe faoi mar a bhí Ádhamh agus Éabha sular pheacaigh siad. Ansin ní bheidh tinneas, seanaois, ná bás ann níos mó. Leigheasfar na heasláin, agus rachaidh daoine aosta in óige arís.—Iób 33:25; Íseáia 33:24; Taispeáint 21:3, 4.
6. Le linn Réimeas Mhíle Bliain Íosa, oibreoidh na daoine dílse chun parthas a dhéanamh den domhan ar fad. (Lúcás 23:43) Chomh maith leis sin, tógfar na milliúin ón mbás trí aiséirí, le saol daonna a chaitheamh anseo ar an talamh. (Gníomhartha 24:15) Má dhéanann siad an rud a iarrann Dia orthu mairfidh siad ar an talamh go deo. Muna ndéanann, scriosfar iad go deo.—Eoin 5:28, 29; Taispeáint 20:11-15.
7. Dá bhrí sin, éireoidh leis an mbunchuspóir a bhí ag Dia don talamh. An mian leatsa bheith páirteach sna beannachtaí seo atá amach romhainn? Más mian, ní mór duit coinneáil ort ag foghlaim faoi Iehova agus ag comhlíonadh a bhfuil iarrtha aige. Cuideoidh freastal ar na cruinnithe i Halla Ríochta áitiúil Fhinnéithe Iehova leat é sin a dhéanamh.—Íseáia 11:9; Eabhraigh 10:24, 25.
[Pictiúr ar leathanach 10]
Parthas caillte acu
[Pictiúir ar leathanach 11]
I ndiaidh Ármagedón, déanfar parthas den talamh