Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • bhs caibidil 3 leathanaigh 29-39
  • Cén Cuspóir Atá ag Dia Don Duine?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cén Cuspóir Atá ag Dia Don Duine?
  • Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • NAMHAID DÉ
  • CÉ ATÁ AG RIALÚ AN DOMHAIN?
  • CÉN CHAOI A SCRIOSFAR DOMHAN SHÁTAIN?
  • TÁ SAOL NUA AG DRUIDIM LINN!
  • Cén Fáth An Fhulaingt?
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • Cén Cuspóir Atá ag Dia don Talamh?
    Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne?
  • Cén Chaoi a Raibh an Saol i bParthas?
    Éist le Dia agus Mair go Deo
  • Cén Fáth a Bhfuil Olc agus Fulaingt Ann?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
Tuilleadh
Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
bhs caibidil 3 leathanaigh 29-39

CAIBIDIL A TRÍ

Cén Cuspóir Atá Ag Dia Don Duine?

1. Cén cuspóir atá ag Dia don duine?

TÁ CUSPÓIR iontach ag Dia don duine. Chruthaigh sé an chéad fhear agus bean agus chuir sé ina gcónaí i ngairdín álainn iad. Ba é cuspóir Dé go mbeadh clann orthu, go ndéanfaidís parthas den domhan ar fad, agus go dtabharfaidís aire do na hainmhithe.—Geineasas 1:28; 2:8, 9, 15; féach Aguisín 6.

2. (a) Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go ndéanfaidh Dia mar atá beartaithe aige? (b) Céard atá ráite sa mBíobla faoi mhaireachtáil go deo?

2 Meas tú an mairfidh muidne i bparthas choíche? Dúirt Iehova i dtaobh a chuspóir: “Ní luaithe ráite ná déanta é! Ní luaithe beartaithe ná curtha i gcrích!” (Íseáia 46:9-11; 55:11) Déanfaidh Dia mar atá beartaithe aige agus ní stopfaidh aon ní é. Dúirt Iehova go raibh cuspóir aige don domhan nuair a chruthaigh sé é. Níor chruthaigh sé é gan chúis. (Íseáia 45:18) Is mian leis go mairfeadh daoine ar fud an domhain. Cén sórt daoine atá i gceist aige agus cén fhad a mhairfidh siad air? Deir an Bíobla: “Tiocfaidh na fíréin in oidhreacht an talaimh agus mairfidh siad ann go brách.”—Salm 37:29; Apacailipsis 21:3, 4.

3. Ós rud é go bhfuil tinneas agus bás ann, cén cheist a chuirfeá?

3 Ach fós, tá tinneas agus bás ann. Tá daoine ag troid agus ag marú a chéile. Ní féidir gurb é seo a bhí beartaithe ag Dia. Céard a tharla agus cén fáth ar tharla sé? Is ag an mBíobla amháin atá an freagra.

NAMHAID DÉ

4, 5. (a) Cé a labhair le hÉabha tríd an nathair i ngairdín Éidin? (b) Cén chaoi a n-iompaíonn duine macánta ina ghadaí?

4 Tá sé ráite sa mBíobla go bhfuil namhaid ag Dia ar a dtugtar “an Diabhal agus Sátan.” D’úsáid Sátan nathair chun labhairt le hÉabha i ngairdín Éidin. (Apacailipsis 12:9; Geineasas 3:1) Rinne sé é sa gcaoi is go gceapfaí gurb é an nathair a bhí ag caint.—Féach Aguisín 7.

5 An é gur chruthaigh Dia an Diabhal? Ní hé! Ceann de na haingil, a bhí sna flaithis nuair a réitigh Dia an domhan d’Ádhamh agus d’Éabha, a d’iompaigh ina Dhiabhal. (Iób 38:4, 7) Cén chaoi arbh fhéidir leis sin tarlú? Cén chaoi a n-iompaíonn duine macánta ina ghadaí? Níor rugadh ina ghadaí é. Ach bhí dúil aige i rud éigin nár leis. Lean sé air ag smaoineamh air, agus mhéadaigh a dhúil ann. Nuair a fuair sé an deis ghoid sé é. Is gadaí anois é.—Léigh Séamas 1:13-15; féach Aguisín 8.

6. Cén chaoi ar iompaigh aingeal in aghaidh Dé?

6 Seo mar a tharla don aingeal sin. Tar éis d’Iehova Ádhamh agus Éabha a chruthú, dúirt sé leo a bheith ‘torthach agus dul i líonmhaire.’ (Geineasas 1:27, 28) B’fhéidir go ndúirt an t-aingeal sin leis féin, ‘D’fhéadfadh na daoine sin ar fad mise a adhradh in áit a bheith ag adhradh Iehova!’ Dá mhéad a smaoinigh sé air is ea is mó a mhéadaigh a dhúil ann. Bhí an t-aingeal sin ag iarraidh ar dhaoine é a adhradh. Mar sin d’inis sé bréag d’Éabha agus chuir sé an dallamullóg uirthi. (Léigh Geineasas 3:1-5.) Is mar sin a d’iompaigh sé ina Shátan agus ina Dhiabhal, agus a rinne sé namhaid Dé de féin.

7. (a) Cén fáth ar bhásaigh Ádhamh agus Éabha? (b) Cén fáth a dtéann muid in aois agus a bhfaigheann muid bás?

7 Bhí Ádhamh agus Éabha easumhal do Dhia agus d’ith siad an toradh. (Geineasas 2:17; 3:6) Pheacaigh siad in aghaidh Iehova, agus in am trátha fuair siad bás, díreach mar a dúirt Iehova. (Geineasas 3:17-19) Bhí rian an pheaca ar chlann Ádhaimh agus Éabha, dá bhrí sin fuair siadsan bás freisin. (Léigh Rómhánaigh 5:12.) Cén fáth a raibh rian an pheaca ar chlann Ádhaimh agus Éabha? Samhlaigh stán bácála a bhfuil locht air—tá an taobh curtha isteach ann. Beidh an locht céanna ar an arán a dhéantar ann. Nuair a bhí Ádhamh easumhal do Dhia, tháinig rian an pheaca air. De bhrí gur shíolraigh muid ar fad ó Ádhamh tá an locht céanna orainne agus a bhí airsean—tá rian an pheaca orainn. Agus ós rud é go bhfuil rian an pheaca orainn, téann muid in aois agus faigheann muid bás.—Rómhánaigh 3:23; féach Aguisín 9.

8, 9. (a) Céard a bhí Sátan ag iarraidh a chur ina luí ar Ádhamh agus Éabha? (b) Cén fáth nár chuir Iehova chun báis iad ar an bpointe boise?

8 D’éirigh Sátan amach in aghaidh Iehova nuair a mheall sé Ádhamh agus Éabha le bheith easumhal do Dhia. Bhí sé ag iarraidh go gcreidfeadh Ádhamh agus Éabha gur bréagadóir agus drochrialtóir é Iehova, agus nach raibh aon suim aige iontu i ndáiríre. Thug Sátan le tuiscint dóibh nach raibh gá ag an duine le treoir Dé, agus go raibh siad féin i dteideal a rá céard a bhí ceart agus céard a bhí mícheart. Céard a dhéanfadh Iehova faoi seo? D’fhéadfadh sé iad a chur chun báis, agus deireadh a chur leis an éirí amach. Ach an gcruthódh sé sin gur bréagadóir é Sátan? Ní chruthódh.

9 Mar sin níor chuir Iehova chun báis iad ar an bpointe. Ina áit sin, thug sé tréimhse ama don duine chun é féin a rialú. Chruthódh sé seo gur bréagadóir é Sátan agus go bhfuil Iehova ar mhaithe leis an gcine daonna. Gheobhaidh muid amach tuilleadh faoi seo i gCaibidil 11. Céard a cheapann tusa faoin gcinneadh a rinne Ádhamh agus Éabha? An raibh an ceart acu Sátan a chreidiúint agus a bheith easumhal d’Iehova? Ba é Iehova a thug dóibh gach a raibh acu. Thug sé saol foirfe dóibh, áit álainn le cónaí, agus obair shásúil. Ní dhearna Sátan dada maith dóibh riamh. Dá mbeadh tusa ann, céard a dhéanfá?

10. Cén rogha thábhachtach atá le déanamh ag gach duine againn?

10 Tá an rogha chéanna le déanamh ag gach duine againne inniu, agus tá ár mbeatha ag brath ar an rogha sin. Is féidir linn Iehova a roghnú mar rialtóir agus a chruthú gur bréagadóir é Sátan. Nó, is féidir linn Sátan a roghnú mar rialtóir. (Salm 73:28; léigh Seanfhocail 27:11.) Is beag duine ar domhan atá umhal do Dhia. I ndáiríre, ní hé Dia atá ag rialú an domhain ar chor ar bith. Ach murab é, cé atá á rialú?

CÉ ATÁ AG RIALÚ AN DOMHAIN?

Tairgeann Sátan na rialtais go léir d’Íosa

Dá mba rud é nár le Sátan ríochtaí uile an domhain, an bhféadfadh sé iad a thairiscint d’Íosa?

11, 12. (a) Cén fáth arbh fhéidir le Sátan na ríochtaí ar fad a thairiscint d’Íosa? (b) Cé na scrioptúir a thaispeánann gurb é Sátan rialtóir an domhain?

11 Bhí a fhios ag Íosa cé a bhí ag rialú an domhain. Uair amháin, thaispeáin Sátan “ríochtaí uile an domhain agus a nglóir” dó. Ansin gheall Sátan: “Tabharfaidh mé iad sin uile duit ach go n-umhlóidh tú síos do m’adhradh.” (Matha 4:8, 9; Lúcás 4:5, 6) Fiafraigh díot féin, ‘Dá mba rud é nár le Sátan na ríochtaí sin, an bhféadfadh sé iad a thairiscint d’Íosa?’ Ní fhéadfadh. Is le Sátan na rialtais ar fad.

12 B’fhéidir go bhfuil tú ag fiafraí díot féin: ‘Cén chaoi a bhféadfadh Sátan a bheith ag rialú an domhain? Nach é Iehova, an Dia Uilechumhachtach, a chruthaigh an chruinne?’ (Apacailipsis 4:11) Is é, ach thug Íosa “prionsa an tsaoil seo” ar Shátan. (Eoin 12:31; 14:30; 16:11) Thug an t-aspal Pól “dia an tsaoil seo” air. (2 Corantaigh 4:3, 4) Agus dúirt an t-aspal Eoin go raibh “an saol le chéile faoi thionchar an diabhail.”—1 Eoin 5:19.

CÉN CHAOI A SCRIOSFAR DOMHAN SHÁTAIN?

13. Cén fáth a dteastaíonn domhan nua uainn?

13 Tá an domhan seo ag dul in olcas lá i ndiaidh lae. Tá cogaí, caimiléireacht, cur i gcéill agus foréigean i ngach áit. Ní féidir leis an duine fadhbanna an tsaoil seo a réiteach, beag beann ar a chuid iarrachtaí. Scriosfaidh Dia an domhan urchóideach seo go luath le linn chogadh Harmagadón, agus cuirfidh sé domhan nua fíréanta ina áit.—Apacailipsis 16:14-16; féach Aguisín 10.

14. Cé atá roghnaithe ag Dia le bheith ina Rí ar Ríocht Dé? Céard a thuar an Bíobla faoi Íosa?

14 Roghnaigh Iehova Íosa Críost le bheith ina Rí ar Ríocht Dé ar neamh. Thuar an Bíobla na mílte bliain ó shin go rialódh Íosa mar “Phrionsa na Síochána” agus nach mbeadh deireadh go deo lena rialtas. (Íseáia 9:6, 7) Dúirt Íosa lena lucht leanúna guí go dtiocfadh an rialtas seo nuair a dúirt sé: “Go dtaga do ríocht; go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.” (Matha 6:10) Cuireann Caibidil 8 síos ar an gcaoi a ngeobhaidh Ríocht Dé forlámhas ar rialtais an domhain. (Léigh Dainéil 2:44.) Ansin déanfaidh Ríocht Dé parthas álainn den talamh.—Féach Aguisín 11.

TÁ SAOL NUA AG DRUIDIM LINN!

Daoine ag canadh, ag seinm gléasanna ceoil, agus ag baint taitneamh as an domhan nua

15. Céard é an “domhan nua”?

15 Geallann an Bíobla: “Táimid ag súil, de réir an ghealltanais, le spéartha nua agus le domhan nua mar a lonnóidh an fhíréantacht.” (2 Peadar 3:13; Íseáia 65:17) Go minic, nuair a dhéanann an Bíobla cur síos ar an “domhan” is ag cur síos ar na daoine a chónaíonn ar an domhan a bhíonn sé. (Deotranaimí 32:1) Mar sin tá an “domhan nua” fíréanta ag tagairt do na daoine ar fad a bheidh umhal do Dhia agus a mbeidh a bheannacht orthu.

16. Cén bronntanas iontach a thabharfaidh Dia dóibh siúd a chónóidh ar an domhan nua, agus céard a chaithfidh muid a dhéanamh chun an bronntanas sin a fháil?

16 Gheall Íosa go mbeadh “an bheatha shíoraí” ag na daoine a mhairfeadh ar dhomhan nua Dé. (Marcas 10:30) Céard a chaithfidh muid a dhéanamh chun an bronntanas seo a fháil? Léigh Eoin 3:16 agus 17:3 le do thoil, chun an freagra a fháil. Breathnóidh muid anois ar an méid atá ráite sa mBíobla faoin gcaoi a mbeidh an saol nuair a bheidh an talamh ina pharthas.

17, 18. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go mbeidh síocháin ar fud an domhain agus go mbeidh muid slán sábháilte?

17 Beidh deireadh le gach olc, cogadh, coiriúlacht, agus foréigean. Ní bheidh aon drochdhuine fágtha ar an talamh. (Salm 37:10, 11) Cuirfidh Dia “cosc le cogaí ar fud na cruinne.” (Salm 46:10 [46:9 i mBíoblaí eile]; Íseáia 2:4) Beidh an domhan lán de dhaoine a bhfuil grá acu do Dhia agus atá umhal dó. Beidh síocháin ann go deo.—Salm 72:7.

18 Beidh pobal Iehova ar a suaimhneas. Nuair a bhí na hIosraeilítigh umhal do Dhia in aimsir an Bhíobla, bhí siad slán sábháilte mar chosain seisean iad. (Léivític 25:18, 19) Ní bheidh faitíos orainn roimh aon duine ná aon ní nuair a bheidh muid i bParthas. Beidh muid ar ár suaimhneas i gcónaí!—Léigh Íseáia 32:18; Míocá 4:4.

19. Cén fáth ar féidir linn a bheith cinnte go mbeidh neart le n-ithe ar dhomhan nua Dé?

19 Beidh neart le n-ithe ann. Tá sé ráite sa mBíobla go mbeidh “flúirse arbhair sa tír go mullach na sléibhte.” (Salm 72:16) Cuirfidh Iehova “ár nDia, a bheannacht orainn,” agus tabharfaidh “an talamh a thoradh uaidh go flúirseach.”—Salm 67:7 (67:6 i mBíoblaí eile).

20. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go mbeidh an talamh ar fad ina pharthas?

20 Beidh an talamh ar fad ina pharthas. Beidh tithe agus gairdíní áille ag daoine. (Léigh Íseáia 65:21-24; Apacailipsis 11:18.) Beidh an domhan ar fad chomh hálainn is a bhí gairdín Éidin. Soláthróidh Iehova ár riachtanais go léir. Deir an Bíobla faoi Dhia: “Osclaíonn tú do lámh go fialmhar; agus sásaíonn tú a bhfuil beo le do chineáltas.”—Salm 145:16.

21. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go mbeidh síocháin idir an duine agus na hainmhithe?

21 Beidh síocháin idir an duine agus na hainmhithe. Ní dhéanfaidh ainmhithe dochar don duine níos mó. Beidh páistí beaga slán sábháilte i gcuideachta ainmhithe allta fiú.—Léigh Íseáia 11:6-9; 65:25.

22. Céard a dhéanfaidh Íosa dóibh siúd atá tinn?

22 Ní bheidh aon duine tinn. Leigheas Íosa go leor daoine nuair a bhí sé ar an talamh. (Matha 9:35; Marcas 1:40-42; Eoin 5:5-9) Ach leigheasfaidh sé gach duine nuair a bheidh sé ina Rí ar Ríocht Dé. Ní déarfaidh duine arís go brách: “Tá mé breoite.”—Íseáia 33:24; 35:5, 6.

23. Céard a dhéanfaidh Dia do na mairbh?

23 Beidh na mairbh ar ais ina mbeo arís. Geallann Dia go dtógfaidh sé na milliúin duine ó na mairbh. “Is é sin go bhfuil aiséirí le bheith ag an dea-dhuine agus ag an drochdhuine araon.”—Léigh Eoin 5:28, 29; Gníomhartha 24:15.

24. Ar mhaith leat cónaí i bParthas?

24 Tá rogha againn ar fad. Is féidir linn foghlaim faoi Dhia agus freastal air, nó is féidir linn ár rogha rud a dhéanamh. Má roghnaíonn muid freastal ar Dhia, beidh todhchaí iontach againn. Dúirt Íosa: “Is méanar dóibh seo atá ceansa, óir gheobhaidh siad an talamh mar oidhreacht.” (Matha 5:5) Tá muid chun tuilleadh a fhoghlaim anois faoi Íosa agus faoin gcaoi a gcomhlíonfaidh sé gealltanais iontacha Dé.

ACHOIMRE

FÍRINNE 1: BHÍ CUSPÓIR AG DIA DON DUINE

“Tiocfaidh na fíréin in oidhreacht an talaimh agus mairfidh siad ann go brách.”—Salm 37:29

Cén cuspóir atá ag Dia don duine?

  • Geineasas 1:28

    Ba é mian Dé go ndéanfaí parthas den talamh agus go dtabharfaí aire do na hainmhithe.

  • Íseáia 46:9-11; 55:11

    Déanfaidh Dia de réir mar atá beartaithe aige agus ní stopfaidh dada é.

FÍRINNE 2: AN CHÚIS ATÁ LE CRUATAN AN tSAOIL

Tá “an saol le chéile faoi thionchar an diabhail.”—1 Eoin 5:19

Cé atá ag rialú an domhain?

  • Eoin 12:31

    Dúirt Íosa gurb é Sátan rialtóir an domhain.

  • Séamas 1:13-15

    Bhí Sátan ag iarraidh rud éigin nach raibh dlite dó.

  • Geineasas 2:17; 3:1-6

    Chuir Sátan an dallamullóg ar Éabha, bhí Ádhamh agus Éabha easumhal do Dhia, agus fuair siad bás.

  • Rómhánaigh 3:23; 5:12

    Faigheann muid bás mar go bhfuair muid an peaca mar oidhreacht.

  • 2 Corantaigh 4:3, 4

    Cuireann Sátan an dallamullóg ar dhaoine.

FÍRINNE 3: RÉITEOIDH RÍOCHT DÉ AN FHADHB

“Go dtaga do ríocht; go ndéantar do thoil ar an talamh.”—Matha 6:10

Céard a dhéanfaidh Iehova?

  • Dainéil 2:44

    Scriosfaidh Ríocht Dé rialtais an domhain agus rialóidh sí ina n-áit.

  • Apacailipsis 16:14-16

    Scriosfaidh Iehova an domhan seo ag Harmagadón.

  • Íseáia 9:6, 7

    Tá Íosa roghnaithe ag Iehova le bheith ina Rí ar Ríocht Dé ar neamh. Rialóidh Íosa an domhan.

FÍRINNE 4: DÉANFAIDH RÍOCHT DÉ PARTHAS DEN TALAMH

“Osclaíonn tú do lámh . . . ; agus sásaíonn tú a bhfuil beo le do chineáltas.”—Salm 145:16

Céard a dhéanfaidh Ríocht Dé dúinne?

  • Salm 46:10 (46:9 i mBíoblaí eile)

    Cuirfidh sí deireadh le cogadh, coiriúlacht, agus foréigean.

  • Íseáia 32:18; 65:21-24

    Beidh tithe agus gairdíní áille ag cách, agus mairfidh siad go suaimhneach.

  • Salm 72:16

    Beidh neart le n-ithe ann.

  • Íseáia 11:6-9

    Beidh síocháin idir an duine agus na hainmhithe.

  • Íseáia 33:24; Gníomhartha 24:15

    Ní bheidh tinneas ann, agus éireoidh na mairbh.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn