CUID 26
Déantar Parthas den Talamh Arís!
Tríd an Ríocht atá faoi cheannas Chríost, déanann Iehova a ainm féin a naomhú, dearbhaíonn sé an ceart atá Aige rialú, agus cuireann sé deireadh le gach olc
TUGANN an leabhar deireanach den Bhíobla, ar a dtugtar Taispeáint nó Apacailipsis, dóchas don chine daonna ar fad. Is é an t-aspal Eoin a scríobh an leabhar. Tá físeanna ann a shroichfidh a mbuaicphointí nuair a thabharfar cuspóir Dé chun críche.
Sa chéad fhís, tugann Íosa atá aiséirithe, moladh agus ceartúchán do roinnt de na pobail. Tugann an chéad fhís eile os comhair ríchathaoir Dé sna flaithis muid, áit a bhfuil neacha spiorad ag moladh Dé.
De réir mar a ghluaiseann cuspóir Dé ar aghaidh, tugtar scrolla ar a bhfuil seacht séala don Uan, Íosa Críost. Nuair a osclaítear an chéad ceithre shéala, déanann marcaigh siombalacha ruathar ar an domhan. Is é Íosa an chéad mharcach, é ar chapall bán agus i gcoróin Ríúil. Ansin tagann marcaigh ar chapaill ar dhathanna éagsúla. Seasann siad seo do chogadh, do ghorta, agus do phlánna—rudaí a tharlaíonn le linn laethanta deireanacha an reachta seo. Nuair a osclaítear an seachtú séala, séidtear seacht dtrumpa a sheasann d’fhógraí bhreithiúnais Dé. Leantar iad seo le seacht bplá shiombalacha a chuireann fearg Dé in iúl.
Bunaítear Ríocht Dé, atá léirithe mar leanbh fireann nuabheirthe, ar neamh. Briseann cogadh amach agus caitear Sátan agus a dhrochaingil síos chun na talún. “Is mairg don talamh” a deir glór ard. Tá an Diabhal “faoi chuthach feirge,” mar is eol dó nach bhfuil aige ach achar gearr.—Apacailipsis 12:12.
Feiceann Eoin Íosa ar neamh i bhfoirm uain agus 144,000 atá roghnaithe ón gcine daonna ina chuideachta. Rialóidh siad seo “ina gcomhríthe” le hÍosa. Dá réir sin, léiríonn leabhar an Apacailipsis gur 144,000 ball san iomlán a bheidh sa pháirt thánaisteach den síol.—Apacailipsis 14:1; 20:6, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn.
Bailíonn rialtóirí an domhain chuig Harmagadón, “chun catha lá mór Dé Uilechumhachtaigh.” Cuireann siad cogadh ar an té atá ar an gcapall bán—Íosa, agus é ag treorú na sluaite neamhaí. Scriostar rialtóirí an domhain seo. Ceanglaítear Sátan, agus rialaíonn Íosa agus an 144,000 an domhan ar feadh “míle bliain.” Ag deireadh an mhíle bliain, scriostar Sátan.—Apacailipsis 16:14; 20:4.
Céard a chiallóidh Réimeas Mílaoiseach Chríost agus a chomhrialtóirí do dhaoine umhla? Scríobhann Eoin: “Glanfaidh [Iehova] gach deoir óna súile, agus ní bheidh an bás ann feasta, ná ní bheidh caoineadh ná olagón ná pian ann a thuilleadh, óir tá an seansaol thart.” (Apacailipsis 21:4) Déantar parthas den talamh!
Is mar sin a chríochnaíonn leabhar an Apacailipsis teachtaireacht an Bhíobla. Tríd an Ríocht Mheisiasach, naomhaítear ainm Iehova agus dearbhaítear go críochnúil agus go deo an ceart atá aige an cine daonna a rialú!
—Bunaithe ar leabhar an Apacailipsis.