Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • bm cuid 21 lth. 24
  • Tá Íosa Beo!

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Tá Íosa Beo!
  • An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Craobhscaoileadh Neamheaglach na nAspal
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
  • Tógtar Íosa ón mBás
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Tairngreacht Fhorleathan Íosa
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
  • Cuirtear Íosa Chun Báis
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
Tuilleadh
An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
bm cuid 21 lth. 24
Tá Íosa ag dul suas ar neamh

CUID 21

Tá Íosa Beo!

Taispeánann Íosa é féin dá lucht leanúna chun iad a threorú agus a spreagadh

AR AN tríú lá tar éis bhás Íosa, thug roinnt de na mná a bhí mar dheisceabail aige faoi deara go raibh an chloch a bhí i mbéal an tuama ar leataobh agus go raibh an tuama folamh!

Tháinig beirt aingeal i láthair. “Íosa an Nazairéanach . . . atá sibh a lorg,” a dúirt aingeal acu. “D’éirigh sé.” (Marcas 16:6) Gan mhoill, rith na mná chun é a insint do na haspail. Ar an mbealach, chas siad le hÍosa. “Ná bíodh eagla oraibh!” a dúirt sé leo. “Imígí, beirigí scéala chun mo bhráithre iad a dhul go dtí an Ghailíl, agus feicfidh siad ansiúd mé.”—Matha 28:10.

Níos déanaí an lá sin, bhí beirt dheisceabail ag siúl ó Iarúsailéim go dtí baile darbh ainm Eamáus. Tháinig strainséir suas leo agus d’fhiafraigh sé dóibh céard a bhí faoi chaibidil acu. Íosa aiséirithe, a bhí ann, ach é i riocht nár aithin siad ar dtús. D’fhreagair siad go brónach gur faoi Íosa a bhí siad ag caint. Thosaigh an strainséir ag míniú na nithe a bhí sna scrioptúir uile maidir leis an Meisias. Go deimhin, bhí tairngreachtaí a bhain leis an Meisias comhlíonta go mion ag Íosa.a Nuair a thuig na deisceabail gurbh é Íosa, aiséirithe i riocht spioraid, an strainséir, d’imigh sé as amharc orthu.

Chuaigh an bheirt deisceabal ar ais go hIarúsailéim láithreach. Fuair siad na haspail bailithe le chéile agus na doirse faoi ghlas acu. Le linn don bheirt a bheith ag cur síos ar an méid a tharla dóibh, tháinig Íosa ina measc. Is ar éigean a bhí a lucht leanúna in ann é a chreidiúint! “Cad chuige a bhfuil ceisteanna ag teacht in bhur gcroí!” a d’fhiafraigh Íosa. “Is amhlaidh sin atá scríofa, go bhfulaingeodh an Críost agus go n-éireodh sé ó mhairbh an treas lá.”—Lúcás 24:38, 46.

Ar feadh 40 lá tar éis a aiséirí, thaispeáin Íosa é féin dá dheisceabail ar ócáidí éagsúla. Ar ócáid amháin, thaispeáin sé é féin do bhreis is 500 duine! De réir dealraimh, is ar an ócáid seo a leag sé an cúram tromchúiseach orthu: “Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, . . . ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”—Matha 28:19, 20.

Ag an gcruinniú deiridh a bhí aige leis an 11 aspal dílis, gheall Íosa: “Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa . . . a fhad le himeall an domhain.” (Gníomhartha 1:8) Ansin ardaíodh suas Íosa agus thóg scamall as a n-amharc é agus é ag dul suas ar neamh.

—Bunaithe ar Matha caibidil 28; Marcas caibidil 16; Lúcás caibidil 24; Eoin caibidil 20 agus 21; 1 Corantaigh 15:5, 6.

a Tá samplaí de na tairngreachtaí a comhlíonadh in Íosa, le fáil i gCuid 14, Cuid 15, agus Cuid 16 den bhróisiúr seo, agus in Aguisín 5 “Tairngreachtaí Faoin Mesias” sa leabhar Céard go Díreach a Mhúineann an Bíobla?

  • Cén chaoi a bhfuair deisceabail Íosa amach go raibh Dia tar éis Íosa a thógáil ó na mairbh?

  • Céard a mhínigh Íosa don bheirt deisceabal ar an mbóthar go hEamáus?

  • Cé na treoracha a thug Íosa dá dheisceabail sula ndeachaigh sé suas ar neamh?

AN SPIORAD NAOMH

Tá spiorad naofa Dé ar an bhfórsa is cumhachtaí dá bhfuil ann. D’úsáid Iehova Dia a spiorad, nó a fhórsa gníomhach, chun neamh agus talamh a chruthú agus chun scríobh an Bhíobla a stiúradh. Is leis an bhfórsa seo a rinneadh na míorúiltí ar fad ar léamar fúthu go dtí seo, an ceann ba mhó ar fad acu san áireamh—aiséirí Íosa Críost chun na beatha i riocht spioraid neartmhar.—Geineasas 1:2; 2 Samúéil 23:2; Gníomhartha 10:38; 1 Peadar 3:18.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn