Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • bm cuid 22 lth. 25
  • Craobhscaoileadh Neamheaglach na nAspal

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Craobhscaoileadh Neamheaglach na nAspal
  • An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Roghnaíonn Íosa Sól
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • “Bhí Síocháin ag an” bPobal Críostaí
    “Bearing Thorough Witness” About God’s Kingdom
  • Ar an mBóthar go Damaisc
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Tá Íosa Beo!
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
bm cuid 22 lth. 25
Labhraíonn na haspail os comhair an tSainidrín

CUID 22

Craobhscaoileadh Neamheaglach na nAspal

Méadaíonn an pobal Críostaí go tréan, beag beann ar an ngéarleanúint

DEICH lá tar éis d’Íosa dul suas ar neamh, chruinnigh tuairim is 120 dá dheisceabail i dteach in Iarúsailéim le linn Fhéile Chincís na nGiúdach, i 33 CR. Go tobann, líon fuaim mar a bheadh séideán gaoithe móire ann an teach. Thosaigh na deisceabail ag labhairt go míorúilteach i dteangacha nach raibh ar a dtoil acu roimhe sin. Céard ba chúis leis na heachtraí aisteacha seo? Bhí Dia tar éis an spiorad naomh a roinnt ar na deisceabail.

Taobh amuigh bhí slua daoine, ós rud é go raibh go leor cuairteoirí tagtha ó thíortha eile le haghaidh na féile. Bhí alltacht orthu nuair a chuala siad a dteangacha féin á labhairt go líofa ag deisceabail Íosa. Mhínigh Peadar dóibh go raibh sé tuartha i dtairngreacht Ióéil ag Iehova: “doirtfidh mé mo spiorad amach ar chách,” rud a d’fhágfadh buanna míorúilteacha acu siúd ar a ndoirtfí é. (Ióéil 3:1, 2 [2:28, 29 i mBíoblaí eile]) Léirigh fianaise láidir seo an spioraid naoimh go raibh athrú suntasach tarlaithe: bhí fabhar Dé aistrithe ó Iosrael go dtí an pobal Críostaí nuabhunaithe. Is trí Íosa Críost a leanúint a thabharfadh daoine seirbhís shásúil do Dhia feasta.

Idir an dá linn, mhéadaigh an freasúra agus chaith siad na deisceabail i bpríosún. Ach le linn na hoíche, d’oscail aingeal Dé doirse an phríosúin agus dúirt sé leis na deisceabail leanúint den chraobhscaoileadh. Ag breacadh an lae, sin é a rinne siad. Chuaigh siad isteach sa teampall agus thosaigh siad ag teagasc an dea-scéala faoi Íosa. Bhí an dream reiligiúnach a bhí ag coimhlint leo ar buile agus d’ordaigh siad dóibh éirí as an gcraobhscaoileadh. D’fhreagair na haspail gan scáth ná faitíos: “Caithfimid umhlú do Dhia agus ní do dhaoine.”—Gníomhartha 5:28, 29, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn.

Neartaigh an ghéarleanúint. Chuir cuid de na Giúdaigh diamhasla i leith Stiofáin agus mharaigh siad le clocha é. Bhí fear óg—Sól ó Tharsas—ag faire orthu agus é ag tacú leis an dúnmharú. Chuaigh sé go Damaisc ansin, chun lucht leanúna Chríost a ghabháil. Le linn dó a bheith ar an mbóthar scal solas ó neamh ina thimpeall agus dúirt glór: “A Shóil, a Shóil, cén fáth a bhfuil tú do mo ghéarleanúint?” Caochta ag an solas, d’fhiafraigh Sól: “Cé thú féin?” D’fhreagair an glór: “Is mise Íosa.”—Gníomhartha 9:3-5.

Trí lá ina dhiaidh sin, chuir Íosa deisceabal darbh ainm Anainias go dtí Sól chun radharc na súl a thabhairt ar ais dó. Baisteadh Sól agus thosaigh sé ag craobhscaoileadh faoi Íosa gan scáth gan eagla. Bhí aithne air mar an t-aspal Pól ina dhiaidh sin agus ba bhall dúthrachtach den phobal Chríostaí é.

Go dtí seo, bhí deisceabail Íosa ag craobhscaoileadh an dea-scéala faoi Ríocht Dé do Ghiúdaigh agus do Shamáraigh amháin. Ansin tháinig aingeal i láthair Choirnéilias, oifigeach airm Rómhánach a raibh ómós aige do Dhia, agus dúirt sé leis fios a chur ar an aspal Peadar. Roinn Peadar agus a chompánaigh an dea-scéala le Coirnéilias agus a theaghlach. Le linn do Pheadar a bheith ag caint, tháinig an spiorad naomh anuas ar na Gintlithe seo a chreid, agus d’ordaigh an t-aspal iad a bhaisteadh in ainm Íosa. Anois, bhí an tslí chun na beatha síoraí oscailte do dhaoine ó na náisiúin uile. Bhí an pobal Críostaí réidh chun an dea-scéala a chraobhscaoileadh i gcian agus i gcóngar.

—Bunaithe ar Gníomhartha 1:1–11:21.

  • Céard a tharla le linn Fhéile Chincís na nGiúdach?

  • Cén tionchar a bhí ag craobhscaoileadh dheisceabail Íosa ar a naimhde?

  • Cén chaoi ar osclaíodh an tslí chun na beatha síoraí do dhaoine ó na náisiúin uile?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn