Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 108
  • Ar an mBóthar go Damaisc

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Ar an mBóthar go Damaisc
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Roghnaíonn Íosa Sól
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • “Bhí Síocháin ag an” bPobal Críostaí
    “Bearing Thorough Witness” About God’s Kingdom
  • Dáiví agus Sól
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • An Chéad Rí ar Iosrael
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 108

SCÉAL 108

Ar an mBóthar go Damaisc

SIN é Sól ina luí ar an talamh. Sin é an fear a choinnigh na cótaí do na fir a bhí ag caitheamh clocha le Stiofán. Féach ar an solas geal sin! Céard atá ag tárlú?

Tar éis marú Stiofáin bíonn Sól chun tosaigh i ngortú lucht leanúna Íosa. Téann sé isteach sna títhe fiú, beireann sé orthu agus caitheann sé i bpríosún iad. Teitheann a lán deisceabail go dtí cathracha eile agus craobhscaoileann siad an “deá-scéala” iontu siúd. Ach téann Sól ar a dtóir. Tá sé ar a bhealach go Damaisc anois. Ach ar a bhealach dó seo é an rud íontach a thárlaíonn:

Go tobann scalann solas ón spéir timpeall ar Shól agus titeann sé ar an talamh. Ansin deireann glór: ‘A Shóil, A Shóil! Cén fáth a bhfuil tú do mo ghortú?’ Feiceann na fir atá le Sól an solas agus cloiseann siad an glór ach ní thuigeann siad an chaint.

‘Cé thú féin, a Thiarna?’ fiafraíonn Sól. ‘Is mise Íosa, an té atá tú a ghortú,’ deireann an glór. Deireann Íosa é seo mar nuair a ghortaíonn Sól lucht leanúna Íosa airíonn Íosa gortaithe.

Fiafraíonn Sól anois: ‘Ceard a dhéanfaidh mé a Thiarna?’

‘Éirigh agus téigh go Damaisc,’ deireann Íosa. ‘Ansiúd inseofar duit céard a dhéanfaidh tú.’ Nuair a osclaíonn Sól a shúile níl sé in ann feiceáil. Tá sé caoch! Mar sin beireann na fir atá leis greim láimhe air agus treoraíonn siad go Damaisc é.

Anois deireann Íosa le duine dá dheisceabail i Damaisc: ‘Éirigh, a An·ani’as. Téigh go dtí an tSráid Dhíreach. I dteach Iúdáis cuir tuairisc fear ar a dtugtar Sól. Tá sé tofa agam le bheith ina shearbhónta speisialta agam.’

Déanann An·ani’as dá réir. Nuair a castar Sól air, leagann sé a lámha air agus deireann sé: ‘Chuir an Tiarna chugat mé chun go bhfeicfeá arís agus go líonfaí thú le spiorad naofa.’ Leis sin titeann mar bheadh lannaí ó shúile Shóil agus bíonn sé in ann feiceáil arís.

Baintear úsáid mhór as Sól chun craobhscaoileadh do dhaoine i mórán náisiúin. Tugtar an t-aspal Pól air, a bhfoghlaimeoidh muid go leor faoi. Ach ar dtús, féachaimis ar an obair a thug Dia do Pheadar le déanamh.

Gníomhartha 8:1-4; 9:1-20; 22:6-16; 26:8-20.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn