Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 56
  • An Chéad Rí ar Iosrael

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Chéad Rí ar Iosrael
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • An Chéad Rí ar Iosrael
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Roghnaíonn Íosa Sól
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Dáiví agus Sól
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • “Bhí Síocháin ag an” bPobal Críostaí
    “Bearing Thorough Witness” About God’s Kingdom
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 56

SCÉAL 56

An Chéad Rí ar Iosrael

FÉACH ar Shamúél ag dóirteadh ola ar choigeann an fhir. Seo é a dhéanaidís le duine chun a thaispeáint go raibh sé toghfa mar rí. Deireann iehobhah le Samúél an t-ola a dhóirteadh ar chloigeann Shóil. Is ola speisialta cumhra é.

Níor cheap Sól go raibh sé sách maith le bheith ina í. ‘Is de threabh Bheniámín mé, an treabh is lú in Iosrael,’ a deireann sé le Samúél. ‘Cén fáth go ndeireann tú go mbeidh mé in mo rí?’ Taitmíonn Sól le Iehobhah mar ní ligeann sé air féin go bhfuil sé mór le rá. Sin é an fáth go roghnaíonn Sé é le bheith mar rí.

Ach ní fear bocht ná fear beag é Sól. Is de chlann saibhir é agus is fear an-dathúil, árd é. Tá sé timpeall is troigh níos airde ná aon fhear eile in Iosrael! Tá sé in ann rith an-mhear freisin agus is fear an-láidir é. Tá áthas ar na daoine go bhfuil Sól toghfa ag Iehobhah le bheith mar rí. Tosaíonn siad ar fad ag béiceach: ‘Fad saoil don rí.’

Tá náimhde Iosraeil chomh láidir is a bhí riamh. Tá siad fós ag tabhairt trioblóide do na hIosraelítigh. Go luath tar éis rí a dhéanamh de Shól, tagann na hAmónaigh aníos chun troid ina n-aghaidh. Ach bailíonn Sól arm mór agus buann sé ar na hAmónaigh. Cuireann seo lúcháir ar na daoine gurb é Sól an rí.

Buann na hIosraelítigh go minic ar a náimhde le Sól dá dtreoradh. Cabhraíonn mac Shóil, Iónátán, le hIosrael go leor cathanna a bhuachaint freisin. Is iad na Fi·lis’tínigh an námhad is measa atá ag na hIosraelítigh i gcónaí. Lá amháin tagann na mílte míle Fi·lis’tíneach chun troid in aghaidh Iosrael.

Deireann Samúél le Sól fanacht go dtiocfaidh seisean agus íobairt a dhéanamh do Iehobhah. Ach tá Samúél mall ag teacht. Tá eagla ar Shól go dtosóidh na Fi·lis’tínigh an cath, mar sin téann sé agus déanann sé an íobairt é féin. Nuair a thagann Samúél deireann sé le Sól go raibh sé easumhal. ‘Roghnóidh Iehobhah duine eile mar rí ar Iosrael,’ a deireann Samúél.

Níos deireanaí bíonn Sól easumhal arís. Mar sin deireann Samúél leis: ‘Is fearr a bheith umhal do Iehobhah ná an chaora is fearr a thabhairt mar thabhartas dó. Mar nach raibh tú umhal do Iehobhah, ní choinnóidh Iehobhah mar rí ar Iosrael thú.’

Taispeáineann sé seo dúinn chomh tabhachtach is atá sé a bheith umhal do Iehobhah i gcónaí. Freisin, taispeáineann sé gur féidir le duine atá go maith, mar a bhí Sól, athrú agus a bheith go holc. Níor mhaith linne a bheith go holc go deo, ar mhaith?

1 Samúéil caibidil 9 go dtí 11; 1 Sa 13:5-14; 14:47-52; 15:1-35; 2 Samúéil 1:23.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn