CUID 20
Cuirtear Íosa Chun Báis
Bunaíonn Íosa deasghnáth nua; braitear é agus cuirtear chun báis é
TAR éis trí bliana go leith a chaitheamh ag seanmóireacht agus ag teagasc, bhí a fhios ag Íosa nach raibh mórán ama fágtha aige ar an talamh. Bhí comhcheilg ar bun ag ceannairí reiligiúnacha na nGiúdach lena chur chun báis, ach bhí faitíos orthu go dtarraingeoidís raic i measc an dream a chreid gur fáidh a bhí ann. Idir an dá linn, faoi thionchar Shátain, rinne Iúdás Isceiriót—duine den 12 aspal—feall ar Íosa. Thairg na ceannairí reiligiúnacha 30 píosa d’airgead geal d’Iúdás ach Íosa a thabhairt ar lámh dóibh.
Ar an oíche dheireanach sin, bhailigh Íosa a chuid aspal le chéile chun Cáisc na nGiúdach a cheiliúradh. Tar éis dó scaoileadh le hIúdás, bhunaigh Íosa deasghnáth nua ar a dtugtar Suipéar an Tiarna. Thóg sé builín aráin, dúirt sé paidir agus thug sé an t-arán don 11 aspal a bhí fanta. “Is é seo mo chorp atá le tabhairt ar bhur son. Déanaigí é seo mar chuimhne orm.” Rinne sé an rud céanna le cupán fíona ag rá: “Is é an cupa seo an tiomna nua i m’fhuil atá le doirteadh ar bhur son.”—Lúcás 22:19, 20.
Bhí go leor le rá ag Íosa leis na haspail an oíche sin. Thug sé aithne nua dóibh—go dtabharfaidís grá neamhleithleach dá chéile. Dúirt sé: “As sin a bheidh a fhios ag cách gur deisceabail liomsa sibh má bhíonn grá agaibh dá chéile.” (Eoin 13:34, 35) Mhol sé dóibh gan a bheith buartha faoi na heachtraí tragóideacha a bhí ar tí tarlú. Ghuí Íosa go dúthrachtach thar a gceann. Chan siad amhráin mholta le chéile agus chuaigh siad amach faoin oíche.
I ngairdín Gheitséamainí, chuaigh Íosa ar a ghlúine agus bhí sé ag guí óna chroí amach. Is gearr gur tháinig slua armáilte ina raibh saighdiúirí, sagairt, agus daoine eile chun é a ghabháil. Tháinig Iúdás chun cinn agus chuir sé Íosa in aithne dóibh trí phóg a thabhairt dó. Le linn do na saighdiúirí a bheith ag ceangal Íosa, scaip na haspail.
Ag seasamh dó os comhair chúirt uachtarach na nGiúdach, chuir Íosa in aithne é féin mar Mhac Dé. Chuir an chúirt ina leith go raibh sé ciontach as diamhasla agus gur breith báis a bhí dlite dó. Ansin tugadh Íosa go dtí an Gobharnóir Rómhánach Pointias Pioláit. Cé nár chiontaigh sé Íosa in aon choir, thug sé ar lámh é don slua a bhí ag éileamh go glórach go gcuirfí chun báis é.
Tugadh Íosa go dtí Golgotá, áit ar thairneáil saighdiúirí Rómhánacha ar chuaille é. Go míorúilteach, d’iompaigh an lá geal ina dhorchadas. Níos déanaí an tráthnóna sin, bhásaigh Íosa agus bhí crith mór talún ann. Leagadh a chorp i dtuama a bhí gearrtha amach as carraig. An lá dár gcionn, chuir sagairt séala ar an tuama agus chuir siad garda air. An raibh Íosa chun fanacht sa tuama? Ní raibh. Bhí an mhíorúilt ba mhó ar fad ar tí tarlú.
—Bunaithe ar Matha caibidil 26 agus 27; Marcas caibidil 14 agus 15; Lúcás caibidil 22 agus 23; Eoin caibidil 12 go 19.
a Tá cur síos ar an luach a bhí ar bhás Íosa i gcaibidil 5 den leabhar Céard go Díreach a Mhúineann an Bíobla?